Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:40 - An Bíobla Naofa 1981

40 Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus do bhéara mé scannail shíorruidhe oruibh, agus náire shíothbhúan, nach dearmodthar.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:40
10 Tagairtí Cros  

Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.


Déanfaidh mé díol uafáis díobh i súile ríochtaí uile na talún, chun bheith ina scannal, ina leathfhocal, ina gceap magaidh, ina mallú san uile áit a ndíbreoidh mé iad.


Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”


Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha.


Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m'aghaidh; malartóidh mise a nglóir ar an náire.


Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí