Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 23:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Féuch, atáim a nagháidh na druinge thairrghirios brionglóide bréagacha, a deir an TIGHEARNA, agus innisios íad, agus do bheir ar mo phobal seachránughadh le na mbreaga, agus le na néattruime; agus ní misi do chuir uáim íad, nó daithin díobh: ar a nadhbharsin ní thairbheochuid síad don phobalso ar éanchor, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 23:32
24 Tagairtí Cros  

Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!


A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.


Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.


I bhfáithe na Samáire chonaic mé nithe a chuir samhnas orm: thairngreadar trí Bhál agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna;


“Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’


Táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.


“Cuir an teachtaireacht seo chun na ndeoraithe uile: ‘Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Sheamaiá ó Nihealám: De bhrí gur thairngir Seamaiá daoibhse agus nach mise a chuir uaim é, agus mar gur thug sé oraibh dóchas a chur anois i mbréag,


Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.


Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d'urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha.


Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?


Bladhmairí is ea a fáithe, fir lán fill; truaillíonn a cuid sagart nithe naofa agus sáraíonn siad an dlí.


Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire.


Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”


An raibh aon ghuagacht orm agus mé ag cinneadh air seo? Nó, an cúrsa a leagaim amach dom féin, an de réir meon an tsaoil a leagaim amach é i dtreo go mbíonn “sea” ina “ní hea” agam?


Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m'ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’


Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí