Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Acht foigheonuid don TIGHEARNA a Ndía, agus do Dháibhi a rígh, noch thóigfeas misi súas dóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:9
14 Tagairtí Cros  

Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás, nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe?


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.


Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.


Sna laethanta sin agus san am sin cuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.


Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).


ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”


agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach -


Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d'Iosrael de réir mar a bhí geallta aige - is é sin Íosa.


Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: ‘Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.’


Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí