Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Uimesin ná bíodh eagla ortsa, mo sheirbhíseach Iácob, a deir an TIGHEARNA; agus ná mímhisnigh, ó Israel: óir, féuch, tárthocha misi thú a himchéin, agus do shliochd ó thír a ndaóirse; agus fillfidh Iácob, agus biáidh a súaimhneas, agus a socamhul, agus ní chuirfe aóinneach eagla air.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:10
40 Tagairtí Cros  

Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”


An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t‑amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine:


Ní bheidh leon ar bith ansin feasta ná aon chreachadóir d'ainmhí allta; ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,


Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat. As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliocht agus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.


Éist anois, a Iacóib, a ghiolla liom,


a Iosrael, atá tofa agam. Seo mar a deir an Tiarna a rinne thú, a dhealbhaigh ón mbroinn i leith thú agus a chabhraíonn leat: Ná bíodh eagla ort, a ghiolla liom, a Iacóib, a Isiriún atá tofa agam.


Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!


Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!


Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin, dream aduaidh agus dream aniar, dream eile fós ó Shíním aneas.


Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.


Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.


Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.


Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu - an Tiarna a labhraíonn.


Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.


ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”


Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh - an Tiarna a labhraíonn - smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.


Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.


Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.


Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”


Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.


Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas. Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair: An Tiarna Ár bhFíréantacht.’


Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha.


Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’


An lá sin - an Tiarna a labhraíonn - is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.


An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann, le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir, agus le péisteanna na talún. Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh, agus scuabfaidh mé iad as an tír, chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh.


(Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá, nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.)


“A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta! Bíodh áthas ort agus gairdeas! Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.


Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois? Nach bhfuil aon rí agat? An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoir sa chaoi gur ghabh arraingeacha thú mar bhean ina leaba luí seoil?


An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’ ”


“Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí