Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 30:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 “Ar an lá sin - Tiarna na Slua a labhraíonn - brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Oír tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, a deir TIGHEARNA na slógh, go mbrisfe misi a chuing ód bhrághaid, agus go mbrisfe mé do chuibhrighe, agus ní fóigheonuid coimhthighidh dhóibh féin ní as mó dá tháobh:

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 30:8
16 Tagairtí Cros  

Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad; agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.


Sa lá sin, sleamhnóidh a ualach siúd de do ghualainn, agus tógfar a chuing de do mhuineál.” Tá sé ag déanamh anall orainn bealach Rimeon,


Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.


An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin, í a bhascadh ar mo shléibhte. Sleamhnóidh a cuing díbh, sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’


An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t‑amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine:


Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil, tá siad loiscthe, tá siad dóite le tine.


Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.


An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)


Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.


Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.


Ansin bhain Hanainiá fáidh an chuing de mhuineál Irimia fáidh agus bhris í.


“Imigh leat go Hanainiá agus abair seo leis: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tig leat cuingeacha maide a bhriseadh? Más ea, déanfaidh mise cuingeacha iarainn dóibh ina n‑áit.


Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin - an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ”


Dorchóidh an lá i dTachpanaes nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin, nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach. Beidh sí faoi chlúdach scamaill, rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.


Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse.


Brisfidh mé díot anois an chuing a leag sé ort agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí