Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 “Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 “Inis dʼiníon Shíóin, féach, tá do rí-se ag teacht chugat, go huiríseal, agus é ag marcaíocht ar asal, agus ar shearrach óg asail.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Abraigidh le h-inghin Shíoin: Féach, do Rí ag teacht chugat go ceannsa, ina shuidhe ar asal, agus ar shearrach, mac ainmhidhe na cuinge.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Innisidh d’inghin Shíoin, Féach, atá do Rí ag teacht chugat, Go ceannsa, ar muin asail, Agus ar bhromach, searrach asail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Abraidh le h-inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat ’n-a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 “Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:5
39 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.


Dúirt an rí le Zíbeá: “Cá rachaidh tú leo sin?” D'fhreagair Zíbeá: “Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t‑arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.”


“Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.


Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.


Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”


Seo é fógra an Tiarna go críocha na cruinne féin: “Abraigí le hiníon Shíón: Seo chugat d'fhuascailteoir. Tá a luach saothair leis ina sheilbh agus a chúiteamh á iompar roimhe amach.


Beidh mise, an Tiarna, i mo Dhia acu agus beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina thaoiseach orthu. Mise, an Tiarna, a labhair.


Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.


(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”


Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.


Ceansaíonn Iacób a naimhde, agus scriosann sé na teifigh ó Ár.”


Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n‑anamacha;


ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”


‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ”


D'imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh:


Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.


D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”


Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.


Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d'fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’


Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.


A lucht falaireachta ar asail chróna, Le diallaití saibhre fúibh, Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre, Canaigí laoi


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí