Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 2:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Niúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncamaírne a réalt san aire shoir, agus tangamar dá onórughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 “Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá tar éis teacht ar an saol? Mar táimid i ndiaidh a réalta a fheiceáil sa Domhan Thoir agus a theacht anseo lena adradh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Ag rádh: Cá bhfuil an té seo a rugadh ina rígh ar na h-Iúdaigh? Óir chonnacamar a réalt san oirthear, agus tháiniceamar chun é d’adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 2:2
28 Tagairtí Cros  

Gidheadh do chuir misi mo rígh air mo chnoc náomhtha Sion.


Agus sainnteochuidh an rígh do scéimh: óir isé féin do Thighearna; agus umhluigh thú féin dó.


Agus tiucfuidh na geintidhe chum do sholuis, agus ríghthe chum soillsi héirghe.


¶ Féuch, tiucfaid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona ttoigfe mé do Dháibhi Beangán fíréunta, agus ríghfidh Rígh, agus béara sé buáidh, agus do dhéana sé breitheamhnus agus ceart annsa talamh.


Acht foigheonuid don TIGHEARNA a Ndía, agus do Dháibhi a rígh, noch thóigfeas misi súas dóibh.


¶ Urghaírdigh go mór, a inghean Shion: gáir, a inghean Ierusalem: féuch, atá do Rígh ag teacht a tfhochair: atá sé ceart, agus slánughadh aige; go huirisiol, ag marcuigheachd air assal, agus air bhromach searrach assail.


Do chífead é, achd ní annois: amhaircfe mé é, achd ní a bhfogus: tiucfuidh Réalt amach as Iácob, agus éireochuid Siat Ríogha as Israel, agus buailfidh tré choinnhidhibh Moab, agus scriosfuidh sé clann Shet.


Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris.


Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.


Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin: agus do fhíafruigh an túachdarán de, ag rádh, An tusa an Rí úd na Niúdaighe? Agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa sin.


Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh.


Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí.


Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.


Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.


Do fhreagair Natánael agus a dubhairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.


Do ghlacadar géuga pailme, agus do chuádar a mach do theagmháil air, agus do éighmheadar, Hosanna: As beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna Rí Isráel.


Ar a nadhbharsin a dubhairt Pioláid ris, Má seadh an rí thú? Do fhreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is chuige tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndéanuinn fínné don fhírinne. Gach uile dhuine atá ar tháobh na fírinne éisdidh sé mo ghuthsa.


Agus do sgríobh Píoláidh fós tiodal, agus do chuir sé ós cionn na croiche é. Agus as é do bhí sgríobhtha ann, IOSA NASARDHA RI NA NIUDAIDHEADH.


Agus do fhreagair Tomás agus a dubhairt sé rís, Mo Thighearna agus mo Dhia.


Do chum go nonórfadh gach uile dhuine an Mac, mar onóraid siad an Tathair. An té nach onóruigheann an Mac ní onóruigheann sé an Tathair do chuir uádh é.


Agus a dubhairt seision, Creidim, a Thighearna. Agus donóruidh sé é.


Agus a ris, an tan do bheir sé a steach an chéidghin don domhan, a deir sé, Agus tuguid aingil Dé uile onóir dhó.


Do chuir mise Iósa maingeal uáim chum fíadhnuise do dhéunamh dhíbhse ar na neithibhse sna heagluiseachuibh. Is mise fréumh agus slióchd Dháibhi, réult dheallruigheach na maidne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí