Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:38 - An Bíobla Naofa 1981

38 á rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 á rá in ard a gcinn agus a ngutha, “Is beannaithe é an Rí atá ag teacht in ainm an Tiarna! Síocháin ar neamh, agus glóir dó sna flaithis!”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Ag rádh: Is beannuighthe an rí atá ag teacht i n-ainm an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóir ins na h-áird.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 g‐á rádh, Is beannuighthe an Rí atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna: síothcháin ar neamh, agus glóir ins na flaitheasaibh is aoirde.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 dá rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóir in uachtar Neimhe.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:38
21 Tagairtí Cros  

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”


agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.”


Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.


Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’


Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’ ”


Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost,


a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóire Dé.


trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.


i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé


Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Amen.


agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.


Moladh agus glóir do rí na n‑aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.


Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí