Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.
Matha 16:16 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhreagair Síomón Peadar, “Is tú an Críost, Mac an Dé bhí.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara D’fhreagair Síomon Peadar, agus dubhairt: Is tú an Críost, Mac an Dé Bhí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair Síomón Peadar, agus adubhairt, Is tú an Críost, Mac Dé bhí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Síomón Peadar dá fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” |
Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.
Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce is amhlaidh a shantaíonn m'anam thusa, a Dhia.
Agus iad seo a bhí sa bhád, d'umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”
D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”
An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”
Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”
Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”
“Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”
Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.
D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,
“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.
Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”
(Dúirt Pilib leis: “Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.” D'fhreagair sé agus dúirt: “Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.”)
ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.
Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn - agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid - ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”
Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d'fhéadfadh fanacht beo?
Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo
i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo - an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne.
Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.
Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,
Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.
Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir,