Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus tháinig an cathaitheoir chuige go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh do na clocha seo bheith ina mbuilíní aráin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus tháinic an cathuightheoir chuige, agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, abair leis na clocha sin a bheith ina n-arán.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus tháinig an t‐aidhbheirseoir, agus adubhairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduigh arán do dhéanamh de na clochaibh seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:3
34 Tagairtí Cros  

agus deiridís leo: “Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.”


Agus iad seo a bhí sa bhád, d'umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”


Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”


D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”


Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”


Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé.


Agus nuair a d'fheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: “Is tú Mac Dé!”


agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,”


Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.


Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.”


Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.”


Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.


Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos;


Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”


D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”


Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.


Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?”


Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé.


Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn - agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid - ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”


agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.


Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.


Ná bíodh aon duine drúisiúil ná díchreidmheach oraibh ar nós Éasau, a dhíol a cheart oidhreachta ar aon bhéile bia amháin.


Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.


Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ardsagart go deo.


An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail.


Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí