Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus tháinig an cathaitheoir chuige go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh do na clocha seo bheith ina mbuilíní aráin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus tháinic an cathuightheoir chuige, agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, abair leis na clocha sin a bheith ina n-arán.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus tháinig an t‐aidhbheirseoir, agus adubhairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduigh arán do dhéanamh de na clochaibh seo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:3
34 Tagairtí Cros  

Agus a dubhradur clann Israel ríu, Do bfear linn go bhfaghmáois bás re láimh an TIGHEARNA a gcrích na Hégipte, a nuáir do shuigheamar láimh ré potuighibh na féola, agus a nuair do ithmís arán ar saith: óir tug sibhsi amach sinn san bhfásach so, do mharbhadh na coimhthionalasa uile lé hocrus.


Agus tangadar an luchd do bhí sa luing, agus donóriogheadar é, ag rádh, Go firinneach is tusa Mac Dé.


Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí.


Gidheadh níor labhair Iósa áonfhocal. Agus do fhreagair an tárdshagart agus a dubhairt sé ris, Cuirim ort a huchd Dé bhí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.


Agus féuch gúth ó neamh, ag rádh, Ag so mo Mhac grádhach so, dá bhfuil mo mhórthoil ann.


Tosach shoisgeil Iósa Chríosd, Mhic Dé;


Agus an tan do chidís na spioraidighe neamhghlana é, do shléachdaidís do, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa Mac Dé.


Agus ag eimhghe do ghuth árd, a dubhairt sé, Créd í mo chuidsi dhíot, a Iósa, a Mhic Dé roáird? Cuirim a huchd Dé ort, gan mo phianadh.


Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.


Agus a dubhradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé.


Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán.


Agus fós do imthighid ís na deamhain as mórán, ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críod Mac Dé. Achd dá nimdheargadh dhósan ní léigheadh sé dhóibh a rádh: go raibh a fhios aca gur bhé féin Críosd.


Agus do thréoruigh sé é go Híarusalím agus do shuighidh sé é ar bheinn an teampoill, agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg thú féin síos as so:


Agus do chunnairc misi, agus do ním fíadhnuisi gur ab é so Mac Dé.


Do fhreagair Natánael agus a dubhairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.


Achd atáid so sgríobhtha, ionnus go gcreidfeadh sibh gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideadh dhíbh go bhfuidheadh sibh beatha tré na ainmsion.


Do chuáluidh Iósa gur theilgeadar amach é; agus mar thárla sé air, a dubhairt sé ris, An gcreideann tusa a Mac Dé?


Agus ar an mball do sheanmóir sé Críosd ann sna sinagógaibh, gur bhé so Mac Dé.


Oír Mac Dé, Iósa Críosd, noch do rinneamairne sheanmóir eadruibhse, misi agus Silbhánus agus Timóteus, níor bha aseadh agus ní headh é, achd a seadh do bhí annsan.


Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.


Ar a nadhbharso, ó nár bhféidír leamsa congmháil oram ní budh fhaide, do chuir mé eision chuguibh chum feasa bhur gcreidimh dfagháil, deagla gur chuir an cathuigheóir cathughadh oruibh a gcás ar bith, agus go mbíadh ar sáothairne díomhaóin.


Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh.


Uime sin ó atá árdsagart mór aguinn, do chúaidh a steach sna neamhuibh, Iósa Mac Dé, congmham go daingean ar nadmháil.


Gan athair, gan mháthaír, gan chineadh, gan tosach laetheadh, ná deireadh beatha aige; achd ar na chur a gcosamhlachd Mhic Dé; fanuigh sé na shagart go síorruidhe.


An tí do ní peacadh, as ón díabhal atá sé; óir atá an díabhal ag déunamh peacuigh ó thosach. As chuige so do foillsigheadh Mac Dé, ionnus go sgaóilfeadh sé oibreacha an díabhail.


Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfuileónguidh tú ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bpríosún, chum bhur ndearbhtha; agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deich lá: bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí