Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 4:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ach dʼfhreagair sé, “Is é atá scríofa, ‘Ní ar arán amháin a mhairfeas an duine, ach ar an uile bhriathar dá dtagann as béal Dé.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Tá sé scríobhtha: ní ar arán amháin a mhaireas an duine, acht ar an uile bhriathar dá dtig ó bhéal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine, acht ar an uile bhriathar thig ó bhéal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dúirt sé dá fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:4
26 Tagairtí Cros  

Agus a nuáir do chonncadar clann Israel é, do ráidheadar an duine re a chéile is Manna é: óir ni raibh a fhios aca créad é. Agus a dubhairt Maóise ríu, Ag so tarán thug an TIGHEARNA dhaóibh ré ithé.


Agus a dúadar clann Israel manna ceathrachad blíadhan, nó go ttangádar go tír áitreabha: do bhádar ag ithe manna, nó go ttangádar go teóruinn thire Chánaain.


Agus a dubhairt Maóise, Bíaidh an ní marso, a nuáir do bheura an TIGHEARNA dhibh tráthnóna féóil re ithe, agus ar maidin arán bhur sáith; do chionn go gcluin an TIGHEARNA bhur munbhar noch do nithí do mhunbhar na aghuidh: óir ciodh sinne? ní ar naghuidhne atáid bhur munbhar, achd a naghuidh an TIGHEARNA.


Coinneocha tú féusda a naráin gan laibhín: agus íosa tú arán gan laibhín seachd lá, mar do aithin misi dhíot, ann sa nam chinnte don mhí Abib; óir is innte tháinic tú amach as a Négipt: agus ní thiucfa éinneach dom láthairsi folamh:


Ní hé an ní théid a sdeach ann sa mbéul shaluigheas an duine; achd an ní thig as an mbeul, a sé so shaluigheas an duine.


A dubhairt Iósa ris annsin, Imthigh romhad, a chathuightheóir: óir átá sgriobhtha, Onórfuidh tú an Tighearna do Dhiá féin, agus a dó na áonar do dhéuna tú seirbhís.


A dubhairt Iósa ris, Atá sé sgríobhtha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathugadh ar an Tighearna do Dhía féin.


Achd a dubhairt sé, An ní théid amach as an duine, as é sin shalchus an duine.


Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin.


Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé.


Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Imthigh úaim, a Shátain: óir a tá sgríobhtha, Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhénna tú seirbhís.


Achd an tan thiocfas an Comhfhurtuightheóir noch chuirfeas misi chugaibh ón Athair, Spiorad na firinne, thig ón Athair, do dhéuna sé fiadhnuisi am thimcheallsa:


As é an spiorad bheódhaigheas; ní bhfuil tarbha ar bith sa bhfeóil: na bhríathra labhruimsi ribh, is spiorad, agus as beatha iád.


Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.


Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.


Agus do umhluigh sé thú, agus do léig ocrus ort, agus do shásuigh sé thú lé manna, noch nár bhfeas duitse, nó dod aithribh; chor go ttiubhradh ort a fhios do bheith agad nach lé harán amháin bheathuighear an duine, ach lé gach ní dá ttig as béul an TIGHEARNA bhíos an duine béo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí