Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus an tan do throisg sé dá fhíchiot lá agus dá fhichiot oidhche, do ghabh ocras é na dhíaigh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus rinne sé troscadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí an t‑ocras air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus nuair a throsc sé dhá fhichid lá agus dhá fhichid oidhche, bhí ocras air ina dhiaidh sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair do bhí troscadh dá fhichid lá agus dá fhichid oidhche déanta aige, tháinig ocras air ’n‐a dhiaidh sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:2
14 Tagairtí Cros  

Agus déirigh seision, agus a duáigh sé agus do ibh sé ní, agus do chuáidh a neart an bhídh sin ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche go Hóreb slíabh Dé.


Agus do chuaidh Maóise a lár an néill, agas ráinic sé súas ar a tslíabh: agus do bhí Maóise ar a tslíabh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche.


Agus do bhí sé ann sin a bhfochair an TIGHEARNA cheathrachad lá agus ceathrachad oidhche; nior ith sé arán, agus niór ibh sé uisce. Agus do sgriobh ar na cláruibh focail an chunnartha, na deich naitheanta.


Agus ag filleadh dhó chum na cathrach ar maidin, do ghabh ocarus é.


Oír do bhí ocarus oram, agus tugabhair ní ré a ithe dhamh: do bhí tart oram, agus tugabhair deoch dhamh: do bhí mé am dhuine coigcríche, agus tugabhair áoidheachd dhamh:


Oír di bhí mé ocrach, agus ní thugabhair bíadh dhamh: do bhí tart oram, agus ní thugabhuir deoch dhamh:


Agus an la na dhiáigh sin, an tan do chúadar a mach as Betánia, do ghabh ocrus é:


Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é.


Agus do bhí tobar Iácob ann sin. Ar a nadhbharsin, ar mbeith curtha Díosa ó nasdar, do shuidh sé mar sin ar an tobar: agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair.


Tóigfe misi dhóibh Fáigh amach as a ndearbhráithribh féin, budh cosmhuil riotsa, agus cuirfe mé mo bhríathra ann a bhéul; agus laibheoruidh sé ríu a nuile ní dá naitheonadsa dhe.


Agus do thuit mé síos ós coinne an TIGHEARNA, mar an gcéud úair, ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche: níor ith mé arán, agus ní mó dibh mé uisge, ar son na nuile pheacadh do pheacuigheabhairsi, ag déanamh cionnta a radharc an TIGHEARNA, do chur feirge air.


Marso do thuit mé síos a bhfíadhnuisi an TIGHEARNA ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche, mar do thuit mé síos an chéad úair; do chionn go ndubhairt an TIGHEARNA go millfeadh sé síbh.


A nuáir do chúaidh misi súas annsa tslíabh do ghlacadh na cclár ccloichthe, cláir an chunnartha noch do rinne an TIGHEARNA ribhsi, annsin do rinne me comhnuighe ann sa tsliabh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche, níor ith mé arán agus ní mó do ibh mé uisge:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí