Matha 4:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Ann sin do threóruigh an spiorad Iósa gus an bhfásach do chum go gcuirfeadh an díabhal cathughadh air. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Ba ansin a bhí Íosa á threorú ag an Spiorad Naomh amach ar an bhfásach ionas go gcuirfeadh an diabhal cathú air. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara1 Annsin threoruigh an Spiorad Íosa isteach san fhásach chun cathuighthe an diabhail a sheasamh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Annsin do threoruigh an Spiorad Íosa isteach sa bhfásach chum go gcuirfeadh an diabhal cathú air. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)1 Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach chun go gcurfaí cath air ó’n ndiabhal. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20121 Ansin, seoladh Íosa isteach sa bhfhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Féach an chaibidil |
Agus tiucfaidh a ccrích, ar ball a nimtheochuidh misi uáitse, go mbéaruidh Spiorad an TIGHEARNA thusa leis, ní fheadar cá hionad; agus annsin a núair thiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus nach bhfuighe sé thusa, go muirfidh sé mé; achd misi do shearbhfhoghantuigh atá eagla an TIGHEARNA orum óm óige.
Agus do chuir sé cuma láimhe amach, agus do ghlac misi ar dhlaói dom ghruáig; agus do thóig an spiorad súas mé idir thalamh agus neamh, agus thug leis mé a bhfisibh Dé go Hierusalem, go dorus an gheata as faide a steach noch fhéuchus leath ris an ttuáiscceart; mar a raibh áit íomháighe a néuda, noch bhrostuighios chum éuda.