Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus dʼfhreagair Íosa é, “Is beannaithe tú, a Shíomóin Bar-Ióna! Mar ní fuil is feoil a nocht sin duit, ach mʼAthair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Is beannuighthe thu, a Shíomoin, mac Ióna; óir ní feoil agus fuil a d’fhoillsigh sin duit, acht m’Athair atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Is aoibhinn duit, a Shíomóin mhic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’fhoillsigh duit é, acht m’Athair‐se atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus ar bhfreagra Diósa an tráthsin a dubhairt sé ris: As beannuighthe thú, a Shímoin mhic Ióna: óir ní féoil ná fuil do fhoillsigh sin duit, achd Mathairsi a tá air neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Dʼfhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin mac Ióna, óir ní fuil agus feoil a dʼfhoilsigh duit é ach mʼAthair atá ar Neamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:17
25 Tagairtí Cros  

Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.


ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”


Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig.


Tá sé scríofa sna fáithe: ‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’ An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa.


Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d'fhuil agus d'fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú.


nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith


Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia.


Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe.


Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.


Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,


Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.


Cibé admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí