1 Teasalónaigh 1 - An Bíobla Naofa 1981Beannú 1 Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin. Creideamh na dTeasalónach 2 Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n‑urnaithe. 3 Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost. 4 A bhráithre, a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh; 5 mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh. 6 Agus rinne sibhse aithris orainn agus ar an Tiarna, mar d'ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh, 7 sa tslí go raibh sibh mar shampla ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acháia. 8 Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi. 9 Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo 10 agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis - an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart