Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.
1 Ríthe 3:3 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghrádhuigh Solamh an TIGHEARNA, ag imtheachd a statúidibh Dhaibhi a athar: amhaín do níodh sé íodhbairt agus do loisceadh túis ar na hárduibh. |
Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.
Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,
Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.
Rinne Solamh an t‑olc i súile an Tiarna agus níor lean sé an Tiarna lena chroí go hiomlán, mar a rinne Dáiví, a athair.
mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach.
Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m'aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse.
Mácá iníon Aibseálóm b'ainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví.
Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá dílis go hiomlán don Tiarna i gcaitheamh a shaoil.
Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.
Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).
Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna.
Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d'ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid.
Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”
D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.
Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.
ionas go mbeidh a fhios ag ciníocha na cruinne go léir gurb é an Tiarna is Dia ann dáiríre, agus nach bhfuil ann ach é.
Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,
Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc.
Níor scriosadh na hardionaid, áfach; lean na daoine orthu ag íobairt agus ag ofráil túise ar na hardionaid.
Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus a shinsear Dáiví. Rinne sé aithris ar a athair Ióáis i ngach slí.
Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí sna hardionaid.
Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna.
Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid.
B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair?
Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá gan locht i gcaitheamh a shaoil go léir.
Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó; ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.
Dúirt mé tráth agus scaoll orm: “Díbríodh as do radharc mé.” Ach d'éist tú le glór mo ghuí nuair a ghlaoigh mé ort.
Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n‑íobairtí comaoineach don Tiarna.
Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -
An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”
Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.
“Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,
agus aitheanta agus dlíthe an Tiarna, a ordaím duit inniu ar mhaithe leat, a choimeád.
Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán:
Má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia a ordaímse duit inniu, má ghránn tú an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí, agus a aitheanta, a reachtanna agus a orduithe a choimeád, ansin beidh an bheatha agat, agus beidh síol ort, agus cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort sa tír a bhfuil tú ag dul ann lena shealbhú.
i ngrá an Tiarna do Dhia, ag géilleadh dá ghlór agus ag cloí leis; óir sin é is beatha duit, agus is air a bhraitheann fad do ré sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, a thabharfadh sé dóibh.”
Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.
Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán.
Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
D'fhreagair na cailíní: “Tá. Tá sé díreach romhaibh. Brostaigí. Tá sé díreach tagtha isteach sa chathair mar beidh íobairt ar an ardionad ag an bpobal inniu.