Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 3:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Théadh an rí go Gibeón le híobairtí a dhéanamh ann, mar is ann a bhí an t‑ardionad a ba mhó tábhacht; d'ofráladh an rí míle íobairt dhóite ar an altóir sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do chuáidh an rígh go Gibeon díodhbuirt ann sin; óir do bé sin an tárd mór: míle ofráil loisge dofráil Solamh ar a naltóir sin.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 3:4
18 Tagairtí Cros  

agus Both na Teagmhála, mar aon leis na soithí naofa go léir a bhí istigh ann.


Ansin d'ofráil an rí agus Iosrael go léir íobairtí i bhfianaise an Tiarna.


thaispeáin an Tiarna é féin arís do Sholamh faoi mar a thaispeáin sé é féin dó i nGibeón.


D'fhág sé Zádóc an sagart agus a shagairt ghaoil os comhair thaibearnacal an Tiarna ar an ardionad i nGibeón,


Taibearnacal an Tiarna a rinne Maois san fhásach, agus altóir an uileloiscthe, bhíodar an uair sin san ardionad i nGibeón.


Labhair Solamh ansin le hIosrael go léir, le ceannairí míle agus le ceannairí céad, leis na breithiúna, agus le flatha Iosrael agus le cinn na bhfiní.


Ansin chuaigh Solamh, agus an comhthionól go léir in éineacht leis, go dtí an t‑ardionad i nGibeón, mar a raibh Both Theagmhála Dé a rinne Maois, giolla Dé, san fhásach.


Óir thug Hiziciá rí Iúdá míle tarbh agus seacht míle caora mar íobairtí don chomhthionól, agus thug na feidhmeannaigh míle tarbh agus deich míle caora don chomhthionól. Agus naomhaigh na sagairt iad féin ina sluaite.


D'ofráil Solamh rí dhá mhíle fichead damh, céad agus a fiche míle caora, agus rinne an rí agus an pobal Teampall an Tiarna a thíolacadh ar an gcuma sin.


Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh, ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.


An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:


Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh.


Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz,


Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí,


Dúirt Sól más ea: “Tugaigí chugam an íobairt uileloiscthe agus na híobairtí comaoineach,” agus d'ofráil sé an íobairt uileloiscthe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí