1 Ríthe 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil III. Solamh ag iarraidh tuigse a ttús. 12 Do fuair fos ó Dhía, saidhbhreas agus onóir. 1 Agus do rinne Solamh cleamhnus re Phárao rígh na Hégipte, agus thug sé inghean Phárao, agus rug leis í go cathruigh Dháibhi, nó gur chríochnuigh a thigh féin do chur súas, agus tigh an TIGHEARNA, agus balla Ierusalem timchioll fa gcuáirt. 2 ¶ Amhaín do nídís an pobal íodhbuirt air na hárduibh, do bhrígh nar tógbhadh fós tigh dainm an TIGHEARNA gus na laéthibhsin. 3 Agus do ghrádhuigh Solamh an TIGHEARNA, ag imtheachd a statúidibh Dhaibhi a athar: amhaín do níodh sé íodhbairt agus do loisceadh túis ar na hárduibh. 4 Agus do chuáidh an rígh go Gibeon díodhbuirt ann sin; óir do bé sin an tárd mór: míle ofráil loisge dofráil Solamh ar a naltóir sin. 5 ¶ A Ngibeon do taibhreadh an TIGHEARNA a naisling do Sholamh annsa noidhche: agus a dubhairt Día, Iarr cred bhéaras mé dhuit. 6 Agus a dubhairt Solamh, Do thaisbéin tú dot shearbhfhoghantuigh Dáibhi mathair trócaire mhór, do réir mar do shiubhail sé ad fhiadhnuise a bhfírinne, agus a ndioghruis, agus a bhfíreantachd croidhe maille riotsa; agus do choimhéud tú dhó an cinéul mórso, go ttug tú dhó mac do shuidhe iona chathaoir ríogha, mar atá a niugh. 7 Agus anois, a THIGHEARNA mo Dhía, do rinne tú rígh dot shearbhfhoghantuigh a náit Dhaibhi mathar: agus misi am leanamh bheag: ní fheadair me cionnus do rachuinn amach nó do thiocfuinn a steach. 8 Agus atá do shearbhfhoghantuigh a lár do phobail noch do thogh tú, pobal mór, nach féidir áireamh nó mheas air iomadamhlachd. 9 Tabhair ar a nadhbharsin dot shearbhfhoghantuigh croidhe tuigseach do dhéanamh breitheamhnuis air do phobail, chor go ttuigfe mé eidir an maith agus an tolc: óir cía fheadas breitheamhnus do dhéanamh air do phobalsa atá comhmór so? 10 Agus do thaitin an glór ris an TTIGHEARNA, gur íarr Solamh an níse. 11 Agus a dubhairt Día ris, Dó bhrígh gur íarr tú an níse, agus nar íarr tú dhuit féin sáoghal fada; agus nar íarr tú saidhbhrios duit féin, agus nar íar tú bás do námhad; achd gur íarr tu dhuit féin tuigse do lérfhaicsin breitheamhnuis; 12 Féach, do rinne mé do réir thfocail: féach, thug mé dhuit croidhe glic tuigseach; iondus nach raibh éanduine cosmhuil riot romhad, ni mó éireochus éanduine ad dhiáigh budh cosmhuil riot. 13 Agus thug mé dhuit mar an gcéadna an ní nach ar íarr tú, saidhbhrios aráon, agus onóir: iondus nach mbiáidh aon cosmhuil riot a measc na riogh ar feadh do bheatha uile. 14 Agus má shiubhluighionn tú am shlighthibhsi, do choimhéud mo reachda agus maitheanta, mar do shiubhail hathair Dáibhi, ann sin faideochaidh mé do laethe. 15 Agus do mhúscail Solamh; agus, féuch, dob aisling í. Agus tháinic sé go Hierusalem, agus do sheas a bhfíadhnuise aírce chunnartha an TIGHEARNA, agus dofráil sé ofrála loisge, agus diodhbuir sé ofrála síothchána, agus do rinne sé féusta dhá shearbhfhoghantuighibh uile. 16 ¶ Ann sin thangadar días ban, do bhí na meirdreachaibh, chum an rígh, agus do sheasadar iona fhíadhnuise. 17 Agus a dubhairt bean díobh, ó a THIGHEARNA, comhnuighim féin agus an bheanso a néintigh; agus rug misi leanamh na fochair annsa tigh. 18 Agus tárla an treas lá tar éis a bheartha dhamh, go rug an bheansa leanamh mar an gcéadna: agus do bhámar a bhfochair a chéile; agus ní raibh coimhitheach ar bith ar bhfarradh ann sa tigh, achd sin féin aráon annsa tigh. 19 Agus fuáir leanamh na mnása bás annsa noidhche; tre mar do thromluidh sí air. 20 Agus déirigh sí san meadhón oidhche, agus rug sí mo mhac uaimsi óm tháobh, ar mbeith dot bhanóglaich na codbladh, agus do chuir sí iona brollach é, agus do chuir sí a leanamh marbh ann mo bhrollachsa. 21 Agus a nuáir déirigh mé ar maidin do thabhairt cíche dom leanamh, feuch, do bhí sé marbh, acht a nuáir dféach mé air maidin go grinn air, féuch, ni hé mo mhac do bhí ann, noch do rug mé. 22 Agus a dubhairt an bhean oile, Ní headh; acht is liomsa an mac béo, agus isé an marbh do mhacsa. Agus a dubhairt sisi, Ní headh; isé an marbh do mhacsa, agus an beó mo mhacsa. Marso a deirdís a lathair na ríghe. 23 Ann sin a dubhairt an rígh, A deir si so, Sé so mo mhacsa atá béo, agus a sé do mhacsa an marbh: agus a deir sí súd, Ní headh; achd is é do mhacsa atá marbh, agus mo mhacsa béo. 24 Agus a dubhairt an rígh, Tugthar cloidheamh chugam. Agus tugadh cloidheamh chum an rígh. 25 Agus a dubhairt an rígh, Roinnidh an leanabh béo na dhá cuid, agus tabhruidh leath dáon aca, agus leath don mhnaói oile. 26 Ann sin do labhair an bhean ler leis an leanabh béo ris an rígh, (oir do bhí a hionathar ar crioth fá na mac féin), agus a dubhairt sí, O mo thighearna, tabhair dhise an leanabh béo, agus ná marbh é air eanchor. Achd a dubhairt an bhean oile, Ná bíodh sé agamsa nó agadsa, achd róinntear é. 27 Ann sin do fhreagair an rígh, agus a dubhairt sé, Tabhruidh dhise an leanabh béo, agus na marbhuidh ar éanchor é: a sí a mhathair í. 28 Agus do chúala Israel uile an bhreath rug an rígh; agus do bhí eagla an rígh orra: óir do chonncadar go raibh gliocus Dé ann, do dhéanamh breitheamhnuis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society