1 Ríthe 3:3 - An Bíobla Naofa 19813 Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Agus do ghrádhuigh Solamh an TIGHEARNA, ag imtheachd a statúidibh Dhaibhi a athar: amhaín do níodh sé íodhbairt agus do loisceadh túis ar na hárduibh. Féach an chaibidil |
Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,
D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.
Má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia a ordaímse duit inniu, má ghránn tú an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí, agus a aitheanta, a reachtanna agus a orduithe a choimeád, ansin beidh an bheatha agat, agus beidh síol ort, agus cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort sa tír a bhfuil tú ag dul ann lena shealbhú.