Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Ar a nadhbharsin anois, a THIGHEARNA Día Israel, comhlíon dot shearbhfhoghantuigh Dáibhi mathair an ní do ghealluis dó, gha rádh, Ní teisdeocha duine úait ann mo radharcsa do shuighe a ccathaóir ríoghá Israel; amháin má bheirid do shliochd aire da slighe, iondus go siubholuid am lathairse mar do shiubhuil tusa am lathair,

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:25
12 Tagairtí Cros  

agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’


Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.


agus dúirt: “A Thiarna, Dia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas, ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus buanghrách le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do bhealaí le hiomlán a gcroí.


Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Conas a mhairfidh an t‑ógánach go glan, ach le d'aitheanta a chomhlíonadh?


Má choimeádann do chlann mo chonradh, agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh, beidh a gclann siúd freisin go brách ina suí ar do chathaoir ríoga.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí