Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Agus anois, a Thiarna, Dia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair, á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair ar ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl os mo chomhair mar a rinne tusa féin.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus anois, a Dhía Israel, guidhim thú, daingnithear thfocal, noch do labhair tú red shearbhfhoghantuigh Dáibhi mathair.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:26
14 Tagairtí Cros  

Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas


Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.


Anois, a Thiarna, an gealltanas a rinne tú, le do shearbhónta agus lena theaghlach, bíodh sé daingean go deo, agus déan mar a dúirt tú.


A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m'athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún.


Cuir le do ghealltanas do do ghiolla; le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.


Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla; lenar thug tú dóchas dom.


Má dhéanfaidh tú trua dom tabharfaidh tú slán mé agus cuirfidh tú i mo sheasamh i do láthair go brách mé.


agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile.


Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.


Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choim atá cnuasta i gcillíní rúin, chun go dtuige tú gur mise an Tiarna, Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.


le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”


D'fhreagair Éilí ansin: “Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí