Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 9:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus má shiubhluighionn tusa am lathair, mar do shiubhuil hathair Dáibhi, a niomláine croidhe, agus a bhfíréantachd, do dhéanamh gach uile neithe dar aithin misi dhíot, agus go ccoimhéadfa tú mo statúidigh agus mo bhreitheamhnuis:

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 9:4
31 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,


Nach ndúirt sé féin: ‘Is í mo dheirfiúr í’ agus dúirt sí féin: ‘Is é mo dheartháir é.’ Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.”


mar choinnigh mé slite an Tiarna, agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia.


Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,


Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.


Rinne Solamh an t‑olc i súile an Tiarna agus níor lean sé an Tiarna lena chroí go hiomlán, mar a rinne Dáiví, a athair.


Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m'aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse.


Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).


Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”


Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.


D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.


“An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.


Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.


“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.


chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael.


Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail; cathain a thiocfaidh tú? Siúlfaidh mé le croí gan cháim i lár mo thí.


Amhrán Oilithreach. 1 Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna, agus a shiúlann ina shlite.


An té a shiúlann gan cháim; an té a dhéanann fíréantacht agus a labhraíonn go díreach óna chroí;


Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.


Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.


Bheathaigh sé le croí gan cháim iad, agus threoraigh iad go ciallmhar críonna.


An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.


An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh.


Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.


siúlann sé de réir mo reachtanna agus comhlíonann mo dheasghnátha go cúramach. Tá a leithéid fíréanta dáiríre agus mairfidh sé go deimhin. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.


“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m'aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.


Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.


“Má ghéilleann tú go dílis do ghlór an Tiarna agus na haitheanta go léir dá chuid atá á n‑ordú agam duit inniu a chomhlíonadh le barr cáiréise, cuirfidh an Tiarna do Dhia thú go hard os cionn náisiúin uile na cruinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí