Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 9:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Ann sin daingneochuidh mé cathaóir do rioghachta ar Israel go bráth, mar do gheall mé dot athair Dáibhi, gha rádh, Ní theisteochuigh duine uáit ar chathaoir rioghachda Israel.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 9:5
9 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.


Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”


agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’


“An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.


Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.


ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí