Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Ríthe 9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Ath‐thaibhreadh Dé do Sholaímh. 26 Agus cabhlach Sholaimh.

1 Agus tárla, a núair do chríochnuigh Solamh déanamh thighe an TIGHEARNA, agus thighe an rígh, agus gach éinneithe dar mhían le Solamh do dhéanamh,

2 Gur taibhreadh an TIGHEARNA do Sholamh an dara huáir, mar do tháisbéin sé é féin dó a Ngibeon.

3 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Do chúala mé do ghuidhe agus híarratus, noch do rinne tú am fhiadhnuise: do bheannuigh mé an tighso, noch do rinne tú, do chur manma ann go bráth; agus béid mo shúile agus mo chroidhe ann go síorruidhe.

4 Agus má shiubhluighionn tusa am lathair, mar do shiubhuil hathair Dáibhi, a niomláine croidhe, agus a bhfíréantachd, do dhéanamh gach uile neithe dar aithin misi dhíot, agus go ccoimhéadfa tú mo statúidigh agus mo bhreitheamhnuis:

5 Ann sin daingneochuidh mé cathaóir do rioghachta ar Israel go bráth, mar do gheall mé dot athair Dáibhi, gha rádh, Ní theisteochuigh duine uáit ar chathaoir rioghachda Israel.

6 Acht má fhilltighesi ar éan chor ó misi leanmhuin, sibh féin nó bhur cclann, agus nach choimhéudfuidhe maitheanta agus mo statúidigh noch do chuir mé ann bhur bhfiaghnuise, achd imtheachd agus dée oile dadhradh, agus seirbhís do dhéanamh dhóibh:

7 Annsin géarrfa misi Israel amach as a ndúithche noch thug me dhóibh; agus an tigh so, do náomhuigh mé dom ainm, teilgfe mé as mo radharc é; agus biaidh Israel na sheanfhocal agus na fhocal magaidh a measg a nuile phobal:

8 Agus an tighso, atá comhard sin, biáidh úamhan ar gach éanduine dá ngeabhaidh láimh ris, agus béid ag fiosurnuigh; agus a déarúid, Cred fá ndéarna an TIGHEARNA so ris a ndúithchesi, agus ris án ttighso?

9 Agus freagoruid siádsan, Do chionn gur threigeadar a TTIGHEARNA Día, noch thug amach a naithre as crích na Hégipte, agus gur ghreamuigheadar do dheeibh oile, agus gur adhradar íad, agus go ndearnadar serbhís dóibh: uimesin thug an TIGHEARNA an tolcsa orra.

10 ¶ Agus tárla a gcionn fhithchiod bliadhan, tair éis Solámh an dá thigh do dhéanamh, tigh an TIGHEARNA, agus tigh an rígh,

11 (Anois do rad Híram rígh Tior do Sholaimh croinn chédair agus croinn ghiumhais, agus ór, do réir a mheanman uile), go ttug Solamh annsin do Híram fithche cathair a gcrích na Galile.

12 Agus thainic Hiram as Tíor dféuchuin na gcaithreach thug Solamh dhó; agus nior thaitnigheadar ris.

13 Agus a dubhairt sé, Cred íad na caithreachasa thug tú dhamhsa, a dhearbhrathair? Agus thug se fearann Cabul orra gus a niugh.

14 Agus do chuir Híram chum an rígh sé fithchid tallann óir.

15 ¶ Agus isé so fáth an gheártha do thóg an rígh Solamh; do dhéanamh tighe an TIGHEARNA, agus a thighe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.

16 Oír do chúaidh Phárao righ na Hégipte súas, agus do ghabh se Geser, agus do loisg í le teine, agus do mharbh sé na Canáanitígh do aítreibh ann sa ccathruigh, agus thug sé mar thiodhlacadh dá inghin, do mhnáoi Sholuimh í.

17 Agus do chur Solamh Geser, agus Betoron iochdarach súas,

18 Agus Balah, agus Tadmor annsa bhfasach, annsa dúithche sin,

19 Agus caithreacha an stóruis uíle noch do bhí ag Solamh, agus caithreacha dhá charbaduibh, agus caithreacha dha mharcshluágh, agus gach ní ba mían le Solamh do chur súas ann Ierusalem, agus a Lebanon, agus a bhfearann a thighearnais uile.

20 ¶ Agus an mhuinntir uile do fágbhadh beó do na Hamoritibh, do na Hítitibh, do na Perisitibh, do na Hibhitibh, agus dona Iebusitibh, nach raibh do chloinn Israel,

21 A cclann do fhagbhadar na ndiáigh san tír nach ar fhéadadar clann Israel do scrios uile, orra sin do thog Solamh duibhchíos serbhíse daóire gus a niugh.

22 Acht do chloinn Israel ní dhéarnuidh Solamh daóine dáora: achd do bhádar na bhfearuibh cogaidh, agus na serbhíseachaibh, agus na bprionnsadhaibh, agus na ccaiptínibh, agus na núachdarán da charbadaibh, agus na marcshlúagh aige.

23 Dob íad so na príomh‐oifigidh do bhí ós cionn oibre Sholuimh, cuig chéud agus cáogad, agá raibh ríaghail ós cionn na ndáoine do oibrigh san nobair.

24 ¶ Achd táinic inghean Phárao súas as cathruigh Dháibhi dhá tigh féin noch do thóg Solamh dhi: annsin do thóg sé Millo.

25 ¶ Agus trí huáire san mblíadhuin do íodhbuir Solamh ofrála loisge agus ofrála síothchána ar a naltóir do rinne sé don TIGHEARNA, agus do loisg sé túís ar analtóir do bhí a bhfíadhnuise an TIGHEARNA. Mar sin do chríochnuigh sé an tigh.

26 ¶ Agus do rinne an rígh Solamh cobhlach long ann Esion geber, noch atá láimh re Elot, ar thráigh na mara Ruáidhe, a ccrich Edom.

27 Agus do chuir Híram a sherbhisigh annsa loingeas, loingseóirigh agá raibh eólus na fairge, a bhfochair sherbhíseach Sholuimh.

28 Agus tangadar go Hóphir, agus thugadar ór as sin, ceithre chéud agus fithche tallann, agus thugadar chum an rígh Solamh é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí