Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 9:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Acht má fhilltighesi ar éan chor ó misi leanmhuin, sibh féin nó bhur cclann, agus nach choimhéudfuidhe maitheanta agus mo statúidigh noch do chuir mé ann bhur bhfiaghnuise, achd imtheachd agus dée oile dadhradh, agus seirbhís do dhéanamh dhóibh:

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 9:6
15 Tagairtí Cros  

Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.


mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh.


Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.


Socróidh mé a shliocht go síoraí agus a ríchathaoir mar laethanta na bhflaitheas.


Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí, mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí,


más amhlaidh a sháraíonn siad m'fhorálacha, nó más amhlaidh a bhriseann siad m'aitheanta,


Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n‑éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh,


Pheacaigh Iarúsailéim go trom; dá dheasca sin is neamhghlan í anois; an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í; óir, chonaic siad lomnocht í; ach bíonn sise ag caoineadh de shíor agus tugann sí a cúl leo.


“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.


Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí