Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 9:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Dúirt an Tiarna leis: “D'eist mé le d'urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Do chúala mé do ghuidhe agus híarratus, noch do rinne tú am fhiadhnuise: do bheannuigh mé an tighso, noch do rinne tú, do chur manma ann go bráth; agus béid mo shúile agus mo chroidhe ann go síorruidhe.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 9:3
30 Tagairtí Cros  

Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.


“Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.


An íomhá ghreanta d'Aiséará a rinne sé, chuir sé suas í sa teach a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, tabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.


An íomhá ghreanta d'íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.


“Bíodh do shúile ar leathadh, a Dhia liom, agus tabhair cluas i gcónaí don urnaí a ofrálfar suas ón áit seo.


An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!”


Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,


Alleluia Tugaim grá agus taitneamh don Tiarna, toisc gur éist sé le mo ghuí;


Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc d'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.


ós tú a éisteann lenár nguí. Ortsa atá triall gach aon neach


Ach d'éist mo Dhia go dearfa; thug sé aire do ghlór mo ghuí.


Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.


Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt.


Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m'ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte - sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile!


óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.”


Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm;


bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”


‘A Choirnéilias,’ ar sé, ‘tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé.


Tugann an Tiarna do Dhia aire don tír seo; tá súile an Tiarna do Dhia air de shíor, ó cheann ceann na bliana.


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d'aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte.


ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.


Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm - tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.


Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n‑éisteann linn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí