Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 14:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus a shinsear Dáiví. Rinne sé aithris ar a athair Ióáis i ngach slí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do rinne sé ceart a radharc an TIGHEARNA, gidheadh ní a ccosamhlachd Dháibhi a athair: do rinne sé do reir gach uile neithe dá ndéarnuidh a athair Ioas.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 14:3
16 Tagairtí Cros  

Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.


Mácá iníon Aibseálóm b'ainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví.


Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.


Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.


Rinneadh rí de Ióáis sa seachtú bliain de réimeas Iéahú, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair.


Bhí sé cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadaín ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.


Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí sna hardionaid.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.


Tar éis bhás Iahóideá tháinig prionsaí Iúdá le hómós a thabhairt don rí, agus ghlac an rí lena gcomhairle.


Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna an dá lá dhéag agus an fad a mhair Iahóideá an sagart.


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n‑iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n‑aithreacha,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí