Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

2 Ríthe 14 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XIV. Do mharbh Amasiah mhac Ioas rí Iudah, dúnmharbhach a athar. 7 Agus na Hedomitigh.

1 Annsa dara bliadhuin do Ioas mac Iehoahas rígh Israel do rioghadh Amasiah mac Ioas rígh Iúdah.

2 Do bhí sé cúig bhlíadhna fithchiod daóis an tan do thosuigh a ríghe, agus do bhí sé na rígh naói mblíadhna fithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Iehoaddan ó Ierusalem.

3 Agus do rinne sé ceart a radharc an TIGHEARNA, gidheadh ní a ccosamhlachd Dháibhi a athair: do rinne sé do reir gach uile neithe dá ndéarnuidh a athair Ioas.

4 Acht cheana níor scriosadh na háite arda: do bhídís an pobal fós ag íodhbuirt agus ag losgadh túise ar na háitibh árda.

5 ¶ Agus tárla, ar ball ar daingnigheadh an rioghachd iona láimh, gur mharbh sé a shearbhfhoghantuidhigh noch do mharbh an rígh a athair.

6 Acht níor mharbh sé clann na ndúnmharbhthach: do reír mar atá scríobhtha a leabhar dlighe Mhaóise, ann ar aithin an TIGHEARNA, gha rádh, Ní cuirfighear na haithreacha chum báis ar son na cloinne, ní mó cuirfighear an chlann chum báis ar son a naithreach; achd cuirfighear gach aon chum báis ar son a pheacaidh féin.

7 ¶ Do mharbh sé deich míle do Edom a ngleann an tsaluinn, agus do ghabh sé Sélah ré cogadh, agus do ghoir Iocteel dainm dhi gus a niugh.

8 ¶ Ann sin do chuir Amasiah teachda úadh go Ioas mac Iehoahas mhic Iehu rígh Israel, gha rádh, Tárr, féucham ar aighthibh a chéile.

9 Agus do chuir Ioas rígh Israel go Hamasiah rígh Iúdah, ghá rádh, Do chuir an foghbhánnan do bhí a Lebanon teachda chum an chédair do bhi a Lebanon, gha rádh, Tabhair hinghion dom mhacsa na mnáoi: agus do ghabh beathach állta thort do bhí a Lebanon, agus do shaltair siós an foghbhannan.

10 Do bhúail tú go demhin Edom, agus do thóg do chroidhe súas thú: déana gloír dhe so, agus fan san mbáile: óir cred as a mbúainfeá ré ní do ghoirteochadh thú, as a ttuitfeá féin, agus Iúdah maille riot?

11 Ach ní thug Amasia toradh air. Uimesin do chuáidh Ioas rígh Israel súas; agus dféuch sé feín agus Amasiah rígh Iúdah a chéile na naighthibh a Mbetsémes, noch bheanas re Iúdah.

12 Agus tugadh an chuid fá mheasa do Iúdah roimhe Israel; agus do theitheadar gach áon aca da bpailiun.

13 Agus do ghabh Ioas rígh Israel Amasiah rígh Iúdah, mac Ioas mhic Ahasiah, a Mbet‐sémes, agus thainic sé go Hierusalem, agus do bhris sé síos balla Ierusalem ó gheata Ephraim go geata an choirnéil, ceithre chéud cubhad.

14 Agus do rug leis iomlán a nóir agus a nairgid, agus ar fríth do shoithighibh a ttigh an TIGHEARNA, agus a nionnmhusuibh thighe an rígh, agus braighde comhaill, agus dfill sé go Samária.

15 ¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Ioas noch do rinne sé, agus a neart, agus mar do throid sé re Hamasiah rígh Iúdah, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríógh Israel?

16 Agus do choduil Ioas agá aithribh, agus do hadhlaíceadh é a Samária maille re ríoghuibh Israel; agus do ríoghadh Ieroboam a mhac iona áit.

17 Agus do mhair Amasiah mac Ioas rígh Iúdah cúig bhlíadhna déug a ndiáigh bháis Ioas mhic Iehoahas rígh Israel.

18 Agus an chuid oile do ghníomhuibh Amasiah, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?

19 Anois do chumadar feall iona aghaidh ann Ierusalem: agus do theith sé go Lachis; achd do chuireadarsan na dhíagh go Lachis, agus do mharbhadar ann sin é.

20 Agus thugadar leó air eachaibh é: agus do hadhlaiceadh é ann Ierusalem agá aithribh a ccathruigh Dháibhi.

21 ¶ Agus rugadar pobal Iúdah uile Asariah, (noch do bhí sé blíadhna déag dáois) leó, agus do rinneadar rígh dhe a naít Amasiah a athair.

22 Do chuir se súas Elat, agus do aisig do Iúdah í, tar éis sin do choduil an rígh a bhfochair a aithreadh.

23 ¶ Annsa ccúigeadh bliadhuin déag do Amasiah mac Ioas rígh Iúdah do thosuigh Ieroboam mac Ioas rígh Israel a ríghe a Samária, agus do bhí na rígh blíaghuin agus dá fhithchiod.

24 Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA: níor dhealuigh sé ré uile pheacuighibh Ieroboam mhic Nébat, noch thug ar Israel peacughadh.

25 Do aisig sé cósta Israel ó theachd a steach Hamat go fairge an réitigh, do réir bhréithre an TIGHEARNA Día Israel, noch do labhair sé le láimh a óglaich Iónah, mhic Amittai, an fáigh, noch do bhí do Ghat‐hepher.

26 Oír do chonnairc an TIGHEARNA aindeise Israel, go raibh ro shearbh: óir níor druideadh éainni súas, agus nior fágbhadh éinní, nó cungantach ar bith ag Israel.

27 Agus ní dubhairt an TIGHEARNA fós go léirscriosfadh sé ainm Israel ó bheith faói neamh: acht do sháor sé íad le láimh Ieroboam mhic Ioas.

28 ¶ Anois an chuid oile do ghníomhnibh Ieroboam, agus a ndéarna sé uile, agus a neart, mar do rinne sé cogadh, agus mar do bhean sé Damascus amach, agus Hamat Iúdah, do Israel, nach bhfuilid scriobhtha a leabhar croinice ríogh Israel?

29 Agus do choduil Ieroboam agá aithribh, ag rioghuibh Israel; agus do bhí Sachariah a mhac na rígh iona áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí