Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Acht má deirthí riomsa, Atá ar ndoígh ann ar TTIGHEARNA Día, nach é sin an té, ar chuir Heseciah a aíte árda agus a altóra ar gcúl, agus a dubairt sé ré Iúdah agus ré Ierusalem, Do dhéantáoi íodhbuirt as coinne na haltórasa ann Ierusalem?

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:22
12 Tagairtí Cros  

Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin.


d'fhreagair seisean: “Abraigí le bhur máistir: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Ná bíodh eagla oraibh roimh na briathra a chuala sibh ná roimh na maslaí a chaith seirbhísigh rí na hAsaíre liom.


Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.


Nach hé an Hiziciá seo an té a scuab a ardionaid chun siúil agus a thug mar ordú do Iúdá agus Iarúsailéim: “Ná déanaigí adhradh ach os comhair an aon altóra agus ná hofrálaigí túis ach uirthi amháin”?


Déarfaidh sibh liom, b'fhéidir: ‘Is sa Tiarna ár nDia atá ar muinín,’ ach nár leis siúd na hardáin bheannaithe agus na haltóirí a thóg Hiziciá chun siúil, á rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: ‘Is os comhair na haltóra seo amháin a sléachtfaidh sibh.’


As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”


Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir d'aon duine eisean a mheas.


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


ná hofráil d'íobairtí uileloiscthe agus ná comhlíon a n‑ordaím duit ach amháin san áit a thoghfaidh an Tiarna i gceann de do threibheanna.


ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí