Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Anois ar a nadhbharsin, guidhim thu, tabhair braighde dom thighearna rígh na Hássíria, agus do bheára misi dhá mhíle each dhuit, má thig dhíot ar do shon féin marcshlúagh do chur orra.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:23
10 Tagairtí Cros  

Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”


Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”


B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair?


Cén chaoi arbh fhéidir leat oiread agus aon chaptaen amháin den lucht is táire de shearbhóntaí mo mháistir a chloí a rá is go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt d'eachra agus do charbaid?


D'fhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach.


Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé d'fheoil d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí