Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 11:38 - An Bíobla Naofa 1981

38 Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus is amhluidh bhías, má éisteann tú ré gach uile ni dá naitheonuidh misi dhiot, agus go siubholuidh tú ann mo shlighthibh, agus go ndeanair an ní bhíus ceart ann mo radharc, do choimhéad mo reachda agus maitheanta, mar do rinne Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh; go mbiáidh misi leatsa, agus go ndéana mé tigh daingion duit, mar do rinne mé do Dháibhi, agus do bhéara mé Israel dhuit.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 11:38
20 Tagairtí Cros  

an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot.


Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”


Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael.


agus ar an gcuma sin déanfaidh mé sliocht Dháiví a umhlú, ach ní go deo é.’ ”


Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.


Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”


“An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.


an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh mé do naimhde go léir a chloí; [déanfaidh mé mór thú]; déanfaidh an Tiarna teaghlach díot.


De bhrí go raibh eagla Dé ar na mná cabhartha, bhronn sé sliocht orthu.


Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.


“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m'aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.


Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir deanta agat i láthair an Tiarna.


ach ar an gcoinníoll seo amháin, go dtabharfaidh tú aird ar ghlór an Tiarna do Dhia agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta uile a aithním duit inniu le barr cáiréise.


Sé an Tiarna é féin a threoróidh thú; beidh sé i do theannta; ní theipfidh sé ort ná ní fheallfaidh ort; ná bíodh eagla ná beaguchtach ort.”


Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.


Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí