1 Ríthe 11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XI. Mná, 4 agus iodholadhradh Sholaimh. 9 Maille ré na smachd. 1 Acht do ghrádhuigh an righ Solumh morán ban coimhíghtheach, (maille re hinghin Pharao), mna do na Moabitigh, Amonítigh, Edomítigh, Sidónianuigh, agus Hititigh; 2 Do na cineadhachaibh a ttaobh ar labhair an TIGHEARNA re cloinn Israel, Ní reachtaóise a steach chugthasan, ní mo thiocfaid síadsan a steach chugaibhsi: oír go deimhin iompochuid síad bhur ccroidhthe do leaumhuin a ndee: do ghreamuidh Solamh díobhsa a ngrádh. 3 Agus do bhádar seachd ccéud bean aige, bainphrionsadha, agus trí chéud leannán: agus diompoigheadar a mhná a chroidhe. 4 Oír tárla a nuáir do bhí Solumh áosta, gur iompóigheadar a mhná a chroidhe a ndíaigh dée oile: agus ní raibh a chroidhe iomlán le na THIGHEARNA Día féin, mar do bhí croidhe Dháibhi a athar. 5 Oír do chuáidh Solamh a ndiáigh Astarot baindia na Sidónianach, agus a ndiáigh Mhilcom adhfhuathmhuireachd na Namoríteach. 6 Agus do rinne Solamh olc a radharc an TIGHEARNA, agus níor lean go hiomlán an TIGHEARNA, mar do rinne Dáibhi a athair. 7 Annsin do chuir Solamh ionad árd súas do Chémos, gráineamhlachd Mhoab, annsa chnoc atá as coinne Ierusalem, agus do Mhólech, gráineamhlachd chloinne Ammon. 8 Agus mar an gcéadna do rinne sé ar son a bhan ccoimhitheach uile, noch do loisg túis agus do rinne íodhbairt da ndéeibh. 9 ¶ Agus do bhí an TIGHEARNA feargach ré Solamh, do bhrígh gur iompóigh a chroidhe ón TTIGHEARNA Día Israel, noch do taidhbhreadh dhó fa dhó, 10 Agus do thug aithne dhó a ttaobh a nídh so, nach rachadh sé a ndiáigh dée oile: acht níor choimhéad sé an ní sin do aithin an TIGHEARNA dhe. 11 Uime sin a dubhairt an TIGHEARNA re Solamh, Do bhrígh go ndéarna tusa so, agus nar comhuill tú mo chunnradhsa agus mo reachda, do aithin mé dhíot, fuaideochaidh misi go deimhin an rioghachd uáit, agus do bhéara mé dot shearbhfhoghantuigh í. 12 Gidheadh ann do laethibhsi ní dhéana mé é ar son hathar Dáibhi: achd fuáideocha mé í as láimh do mhic. 13 Gidheadh ní scarfa mé an rioghachd uile; achd do bhéara mé éaintreabh amháin dot mhacsa ar son Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh, agus ar son Ierusalem do thogh mé. 14 ¶ Agus do chorruigh an TIGHEARNA námhuid súas a naghaidh Sholuimh, Hadad an Tedomíteach: do budh do shíol an rígh ann Edom é. 15 Oír tárla, a nuáir do bhí Dáibhi ann Edom, agus ar ndul súas do Ióab caiptín an tslóigh, dadhlachadh na marbh, tar éis gach éain fhirionnach do mharbhadh dhó ann Edom; 16 (Oir dfan Ióab sé mhí annsin agus Israel uile, no gur ghéarr sé amach a raibh dfearaibh ann Edom:) 17 Gur theith Hádad, é féin agus Edomitigh áirigh do shearbhfhoghantuibh a athar maille ris, do dhul don Négipt; ar mbeith do Hádad fós na leanamh óg. 18 Agus déirgheadar amach as Mídian, agus tangadar go Páran: agus rugadar daóine léo as Páran, agus tangadar don Négipt, go Phárao rígh na Hégipte; noch thug tigh dhó, agus dórduigh bíadh dhó, agus thug fearann dó. 19 Agus fuáir Hádad fabhar mór a radharc Phárao, iondus go ttug dhó na mnaoi deirbhshíur a mhná féin, deirbhshiúr Thaphenes an bhainríoghan. 20 Agus rug deirbhshiúr Thaphenes a mhac Genubat dhó, noch do oil Taphenes a ttigh Phárao: agus do bhí Genubat a tteaghlach Phárao a measc mhac Phárao. 21 Agus a nuáir do chúaluidh Hádad san Négipt gur choduil Dáibhi a bhfochair a aithreadh, agus gur marbhadh Ióab caiptín an tslóigh, a dubhairt Hádad re Phárao, Léig dhamh imtheachd go ndeachuidh mé dom thír féin. 22 Ann sin a dubhairt Phárao ris, Acht cred is easbhuidh dhuit am fhochairsi, féuch, as a níarran tú dul dot thír féin? Agus do fhreagair seision, Ni headh: achd ar a shonsin léig dhamh imtheachd ar gach éanchor. 23 ¶ Agus do chorruigh Día námhuid oile súas na aghaidh, Reson mac Eliada, noch dó theith ó na thighearna Hádadeser rígh Sóbah: 24 Agus do chruinnigh sé daóine chuige, agus do rinneadh caiptín ós cionn cuidéachda dhe, a nuáir do mharbh Dáibhi daóine Shóbah: agus do chúadar go Damascus, agus do áitigheadar ann sin, agus do bhí sé na rígh an Damascus. 25 Agus do bhí sé na námhuid ag Israel ar feadh shaoghail Sholuimh, taobh amuigh don olc do rinne Hádad: agus do fhúathaigh se Israel, agus do bhí na rígh ós cionn na Síria. 26 ¶ Agus Ieroboam mac Nébat, Ephratíteach as Sereda, searbhfhoghantuigh Sholuimh, (noch ar bhe ainm a mhathar Seruah, baintreabhach), do thóg seision fós a lámh súas a naghaidh an rígh. 27 Agus do bé so an tadhbhar as ar thóg sé súas a lámh a naghaidh an rígh: do thóg Solumh Millo, agus do leasuigh se beárrnadha chaíthreach Dháibhi a athar. 28 Agus do bhí an duine sin Ieroboam na dhuine arrachdach a ngaisgidhe: agus mar do chonnairc Solamh go raibh an tógánach tionnscantach, do rinne sé úachdaran de ós cionn chúruim thighe Ióseph uile. 29 Agus tárla a núair sin an tan do chúaidh Ieroboam amach as Ierusalem, go bhfuáir an fhaídh Ahiiah an Silóníteach é annsa tslighe; agus do ghabh uime éadach núadh; agus do bhádar aráon leó fein san mhachaire: 30 Agus rug Ahiiah ar a néadach núadh do bhí uimesion, agus do réub sé a ndá chuid déug é: 31 Agus a dubhairt sé ré Ieroboam, Glacsa deich ccuid: óir is marsó á deir an TIGHEARNA, Día Israel, Féuch, stíallfa misi an rioghachd as láimh Sholuimh, agus do bhéara mé deich ttreabha dhuitsi: 32 (Acht do gheabha seísion eantreabh amhaín ar son mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi, agus ar son Ierusalem, an chathair noch do thogh mé amach as treabhuibh Israel uile:) 33 Do chionn gur thréigiodar mé, agus gur ádhradar Astarot baindía na Sidónianach, Chémos diá na Moabíteach, agus Milcom día chloinne Ammon, agus nar shiubhluigheadar ann mo shlighthibhsi, do dhéanamh an neithe is ceart ann mo radharc, agus mo reachda do choimhéud agus mo bhretheamhnuis, mar do rinne Dáibhi a athair. 34 Ar a shonsin ní bheanfa mé an rioghachd uile as a láimh: achd do dhéana mé prionnsá dhe ar feadh uile laéthe a bheatha ar son Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh, nóch do thogh mé, do bhrígh gur choimheud sé maítheanta agus mo reachda: 35 Acht beanfa mé an rioghachd as láimh a mhic, agus do bhéara mé dhuitsi, ieadhon deich ttreabha. 36 Agus do bhéara mé aointreabh amháin da mhacsan, chor go mbía ag Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh solus romham a ccomhnuighe ann Ierusalem, an chathair do thogh mé dhamh féin do chur manma innte. 37 Agus glacfa mé thusa, agus biáidh tú ad rígh do réir a nuile neithe is toil led hanum, agus biáidh tú ad rígh ós cionn Israel. 38 Agus is amhluidh bhías, má éisteann tú ré gach uile ni dá naitheonuidh misi dhiot, agus go siubholuidh tú ann mo shlighthibh, agus go ndeanair an ní bhíus ceart ann mo radharc, do choimhéad mo reachda agus maitheanta, mar do rinne Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh; go mbiáidh misi leatsa, agus go ndéana mé tigh daingion duit, mar do rinne mé do Dháibhi, agus do bhéara mé Israel dhuit. 39 Agus cráidhfigh mé uime so sliochd Dháibhi, achd ní go bráth. 40 Do bhí Solumh ar a nadhbhar sin ag iarruidh Ieroboam do mharbhadh. Agus déirigh Ieroboam, agus do theith sé don Négipt go Sírac rígh na Hégipte, agus do bhi sé san Négipt go bás Sholuimh. 41 ¶ Agus an chuid oile do ghniomhradh Sholaimh, agus a nuile ní dá déarna sé, agus a chríonnachd, nach bhfuílid síad scríobhtha a leabhar ghniomhradh Sholuimh? 42 Agus an fad do bhí Solumh na rígh an Ierusalem ós cionn Israel uile do budh dhá fhithchiod bhlíadhan. 43 Agus do choduil Solumh a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh é a ccathair Dháibhi a athar: agus do bhi Rehoboam a mhac na rígh ann a ait. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society