Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 11:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Ar a shonsin ní bheanfa mé an rioghachd uile as a láimh: achd do dhéana mé prionnsá dhe ar feadh uile laéthe a bheatha ar son Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh, nóch do thogh mé, do bhrígh gur choimheud sé maítheanta agus mo reachda:

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 11:34
11 Tagairtí Cros  

Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna.


Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse.


mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.


Stoithfidh mé an ríocht as láimh a mhic, áfach, agus tabharfaidh mé duitse í, deich dtreibh.


Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”


Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.


Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn; ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.


Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint; agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.


Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.


Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí