Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 3:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus má shiubhluighionn tú am shlighthibhsi, do choimhéud mo reachda agus maitheanta, mar do shiubhail hathair Dáibhi, ann sin faideochaidh mé do laethe.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 3:14
25 Tagairtí Cros  

Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.


Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).


Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.


D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.


Daingneoidh mé a fhlaitheas go brách, má choimeádann sé m'aitheanta agus m'orduithe mar atá siad inniu.’


Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.


Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.


Má choimeádann do chlann mo chonradh, agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh, beidh a gclann siúd freisin go brách ina suí ar do chathaoir ríoga.”


Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe, agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.


D'iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air a mhairfidh go brách ó aois go haois.


Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.


Ina deasláimh tá fad saoil, agus ina ciotóg maoin agus saibhreas.


Óir bronnfaidh siadsan fad saoil ort, blianta breise saoil agus sonas go fial.


“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m'aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.


Chuir sé as oifig ansin é agus d'ardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh á rá: ‘Is é m'aithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’


Ná bíodh agat ach aon mheá amháin, í iomlán cóir, agus aon tomhas amháin, é iomlán cóir, i dtreo go mbeadh saol fada agat sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.


Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir mar a d'aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit.


Cloígí leis an mbealach go léir a d'aithin an Tiarna daoibh agus beidh an bheatha agaibh, agus beidh an rath oraibh, agus beidh fad saoil agaibh sa tír a bheidh in bhur seilbh.


Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí