Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 3:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Dhúisigh Solamh. Féach, brionglóid ab ea é! Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim agus sheas sé os comhair áirc chonradh an Tiarna, agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach, agus bhí fleá aige dá shearbhóntaí go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do mhúscail Solamh; agus, féuch, dob aisling í. Agus tháinic sé go Hierusalem, agus do sheas a bhfíadhnuise aírce chunnartha an TIGHEARNA, agus dofráil sé ofrála loisge, agus diodhbuir sé ofrála síothchána, agus do rinne sé féusta dhá shearbhfhoghantuighibh uile.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 3:15
20 Tagairtí Cros  

Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: “Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.”


agus d'ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D'itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh.


Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.


shlugadar na seacht ndiasa a bhí faoi bharr blátha agus toraidh. Dhúisigh Forann; taibhreamh a bhí aige.


Ansin tháinig beirt mheirdreach go dtí an rí agus sheasadar ina láthair.


Ansin d'ofráil an rí agus Iosrael go léir íobairtí i bhfianaise an Tiarna.


An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.


Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní.


D'ofráil Solamh rí dhá mhíle fichead damh, céad agus a fiche míle caora, agus rinne an rí agus an pobal Teampall an Tiarna a thíolacadh ar an gcuma sin.


Agus uaidhsean: Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam, agus ba shámh é mo chodladh.


Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling.


Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d'oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí