Taispeántar an Slánaitheoir do na Samáraigh1 Nuair a d'airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin - 2 fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail - 3 d'fhág sé Iúdáia agus d'imigh sé arís don Ghailíl. 4 Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire. 5 Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. 6 Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. 7 Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” 8 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. 9 Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n‑iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. 10 D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.” 11 “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo? 12 An amhlaidh gur mó thú ná ár n‑athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?” 13 D'fhreagair Íosa: “Gach duine a ólann an t‑uisce seo,” ar sé léi, “beidh tart arís air. 14 Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.” 15 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t‑uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.” 16 Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.” 17 D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; 18 óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.” 19 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. 20 Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.” 21 Dúirt Íosa léi: “Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh. 22 Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú. 23 Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh. 24 Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.” 25 Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” 26 Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.” 27 Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” 28 Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d'imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: 29 “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?” 30 Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo. 31 Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” 32 Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” 33 Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” 34 Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích. 35 Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair. 36 Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht. 37 Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ‘Cuireann duine, baineann duine eile.’ 38 Sheol mise sibhse uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.” 39 Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D'inis sé dom gach ní dá ndearna mé.” 40 Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d'fhan sé ansiúd dhá lá. 41 Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair 42 agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.” Leigheas Mhac an Oifigigh Ríoga43 Tar éis an dá lá d'fhág sé an áit sin agus d'imigh don Ghailíl. 44 Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. 45 Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith. 46 Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum. 47 Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. 48 Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.” 49 Dúirt an t‑oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.” 50 Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d'imigh. 51 Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d'inis siad dó go raibh a mhac beo. 52 D'fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné d'fhág an fiabhras é.” 53 Thuig an t‑athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad. 54 Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart