Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a d'airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin -

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Anois nuair a dʼaithin an Tiarna gur chuala na Fairiséigh go raibh Íosa ag sárú Eoin ag déanamh deisceabal agus á mbaisteadh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Ar an adhbhar sin, nuair a bhí a fhios ag Íosa gur chuala na Fairisínigh go raibh ní ba mhó deisciobal dá ndéanamh agus dá mbaisteadh ag Íosa ná ag Eoin,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair do bhí a fhios ag an Tighearna go gcuala na Fairisínigh go raibh deisceabail d’á ndéanamh agus d’á mbaisteadh aige de bhreis ar Eoin

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ar a nadhbharsin an tan do aithin an Tighearna go gcúaladar na Phairisínigh gur mó do dheisciobluibh do níodh Iósa agus do bhaisdeadh sé ná Eóin,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Nuair a dʼairigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal dá ndéanamh ag Íosa agus dá mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin–

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:1
15 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,


Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’ ”


Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,”


rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví.


Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”


agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”


Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d'fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.


Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”


Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost - an té atá ina Thiarna ar chách uile.


Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.


Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine.


Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.


Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.


Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.


Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí