Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 4:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 mar tá cúigear fear céile i ndiaidh a bheith agat, agus an té atá agat anois ní hé dʼfhear céile féin é; tá an fhírinne agat sa mhéid sin atá inste agat.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Óir bhí cúig fir agat, agus anois, an té atá agat, ní h-é do fhear é: dubhairt tú seo go fírinneach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 agus an té atá agat fá láthair ní h‐é t’fhear é: do b’fhíor an focal adubhrais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Oír do bhádar cúigear fear agad; agus an té atá agad a nois, ní hé thfear féin é: a dubhairt tú so go fírinneach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t’fhear-sa é. D’innsis an fhírinne sa méid sin.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:18
16 Tagairtí Cros  

Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: “Tá an bás chugat,” ar sé leis, “de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.”


Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d'fuadaigh í agus d'éignigh í, agus choill a clú.


Is é freagra a bhí acu air: “An íde striapaí atá le tabhairt ar ár ndeirfiúr?”


Ach fearacht bean a imíonn go fealltach óna leannán d'fheall teach Iosrael ormsa - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”


Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin.


“Uime sin, a striapach, éist le briathar an Tiarna.


Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,


Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.”


Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.”


D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;


Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.


Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.


Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.


mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d'fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí