Eoin 4:23 - An Bíobla Naofa 198123 Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)23 Ach tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, a mbeidh lucht an fhíoradhartha ag adhradh an Athar sa Spiorad agus san fhírinne, mar is iad a leithéidí a lorgaíos an tAthair lena adhradh. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara23 Acht tá an uair ag teacht, agus is anois é, nuair a bhéarfas na fíor-adharthóirí adhradh do’n Athair i spioradh agus i bhfírinne. Óir iarrann an t-Athair fosta a leithéidí sin chun é d’adhradh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)23 Acht atá an uair ag teacht, agus atá sí ann cheana féin, ’n‐a n‐adharfaidh na fíor‐adharthóirí an t‐Athair i spioraid agus i bhfírinne: óir is iad sin na h‐adharthóirí theastuigheas ó’n Athair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Achd tig an uáir, agus atá sí ann a nois, an tan adharfuidh an luchd adhra fírinneacha an Tathair a spiorad agus a bhfirinne: oír go deimhin iárruidh an tathair a leitheid so dá adhradh féin. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)23 Ach tig an uair, agus is anois é, ’n-a ndéanfaid na h-adhar-thóirí fírinneacha an t-Athair a dh’adhradh i spioraid agus i bhfírinne. Féach an chaibidil |