Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 4:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Níl fhios agaibh cad é atá sibh á adhradh; is feasach dúinne cad é a bhíos á adhradh againn, mar is ó na Giúdaigh a thagann an slánú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Adhrann sibh-se an nídh nach eol díbh: adhramuid-ne an nídh is eol dúinn, óir is ó na h-Iúdhaigh atá an slánughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Adhrann sibh‐se an nidh nach eol daoibh; adhraimíd‐ne an nidh is eol dúinn: óir is ó na h‐Iúdaigh atá an slánú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Adhraigh sibhse an ní nach fios díbh: adhramáoidne an ní as fios dúinn: oír as ó na Iúdaidhibh atá sláinte

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Adhrann sibh-se an nídh nách eól daoibh. Adhraimíd-ne an nídh is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaigh atá an slánú.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:22
20 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.


tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: “Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.”


D'fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób; a reachtanna agus a fhoraitheanta d'Iosrael.


Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile, an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é. Selah


An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.


Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.


Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n‑íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: ‘In onóir do dhia anaithnid.’ An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh.


Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh.


Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.”


ná bí á mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do d'iomparsa.


Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí