Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 4:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Ar siadsan leis an mbean, “Ní de bharr do bhriathairse a bhímid ag creidiúint feasta, mar chualamar lenár gcluasa féin é, agus tugadh le fios dúinn gurb é sin go cinnte Slánaitheoir an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus deireadh siad leis an mhnaoi: Ní mar gheall ar do chuid cainnte-se a chreidimíd anois: óir chualamar féin é, agus tá a fhios againn gurab é seo go fíor Slánuightheoir an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus a dubhradar ris an mnáoi, Ní ar son do chomhráidhse chreidmídne feasda: óir do chúalamar féin é, agus atá a fhios aguinn go fírinneach gur ab é so Críosd, Slánuightheóir an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall an do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:42
23 Tagairtí Cros  

Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe, a chríocha na talún uile, óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!


Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.


Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”


solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”


Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.


Ar theacht d'Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama.


óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.


“Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”


Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair


Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d'Iosrael de réir mar a bhí geallta aige - is é sin Íosa.


níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”


D'ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d'Iosrael.


Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a d'fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.


Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.


Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.


Agus chonaiceamar agus tugaimid fianaise gur sheol an tAthair uaidh a Mhac, Slánaitheoir an tsaoil.


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí