Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 4:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Dúirt Íosa léi: “Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Arsa Íosa léi, “A bhean úd, creid uaimse é, tá an t‑am ag teacht nach n‑adharfaidh sibh an tAthair ar an sliabh seo ná in Iarúsailéim ach oiread.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Deir Íosa léi: A bhean, creid mise, go bhfuil an uair ag teacht nuair nach ar an tsliabh seo, ná i n-Ierusalem, a dhéanfas sibh an t-Athair dh’adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Adubhairt Íosa léi, Creid uaim‐se é, a bhean, go bhfuil an t‐am ag teacht nach ar an sliabh seo ná i nIarúsalem, adharfas sibh an t‐Athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 A dubhairt Iósa ría, A bhean, creid misi, tig an uáir, nach adharfuighe an Tathair, ar a tslíabhso, ná a Niárusalém.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Dubhairt Íosa léi: A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéanfaidh sibh an t-Athair a dh’adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Dúirt Íosa léi: “Creid uaim-se é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:21
20 Tagairtí Cros  

Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?


“A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n‑urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?


“A mhic an duine, labhair le sinsir Iosrael agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: ‘An chun dul i gcomhairle liom a tháinig sibh?’ Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní ligfidh mé daoibh dul i gcomhairle liom.


Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.


Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m'ainmse, bím féin ansin ina measc.”


Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,


titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.


Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.


Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t‑am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.


Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.


Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.


Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana - nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.


Ná déanaigí ionadh den mhéid sin, óir tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé,


Chualamar é á rá go ndéanfadh an Íosa Nazórach úd an áit seo a leagan ar lár agus na gnásanna a d'fhág Maois againn a athrú.”


mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.


Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar


Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.


Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.


Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí