Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 4:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t‑uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Arsa an bhean leis, “A Shaoi, tabhair an t‑uisce sin dom, ionas nach mbeidh tart orm, agus ionas nach mbeidh sé de shaothar orm teacht anseo le huisce a tharraingt.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Deir an bhean leis: A dhuine uasail, tabhair damh an t-uisce seo, chun nach raibh tart orm, agus nach dtigim annseo a tharraingt.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, tabhair dhom‐sa an t‐uisce sin, chum nach mbéidh tart orm arís, agus nach mbéidh orm teacht annso ag tarraing.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 A dubhairt an bhean ris, A Thighearna, tabhair dhamhsa an tuisge sin, do chum nach bía tart oram, agus nach dtiocfa mé ann so dá tharraing.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Dubhairt an bhean leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht anso a d’iarraidh uisge.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:15
11 Tagairtí Cros  

Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.


Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.”


D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.


“A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t‑arán sin i gcónaí.” Dúirt Íosa leo:


“Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.


Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.


Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n‑aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n‑airdsean.


An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.


Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n‑iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n‑ainmhianta.


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí