Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 4:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Dúirt an bhean leis, “Tá a fhios agam go bhfuil an Messía ag teacht (an té a dtugtar an Críost air); nuair a thiocfas seisean, níl ní nach nochtfaidh sé dúinn.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Deir an bhean leis: Tá a fhios agam go bhfuil Messías (dá ngoirtear Críost) ag teacht, agus dá bhrígh sin, nuair a thiocfas seisean, innseochaidh sé na h-uile neithe dúinn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Adubhairt an bhean leis, Atá a fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht (an té ar a dtugtar Críost): nuair thiocfas seisean, inneosaidh sé gach uile nidh dhúinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 A dubhair an bhean ris, Atá a fhios agam go dtiocfa an Messías, (ré a nabarthar Críósd:) an tan thiocfas sé foillséochuidh sé na huile neithe dhúinn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 4:25
11 Tagairtí Cros  

ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.


Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -


Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!”


rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví.


D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”


“Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”


Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D'inis sé dom gach ní dá ndearna mé.”


agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí