Biblia Todo Logo
Véarsaí Bíobla
- Fógraí -


104 véarsaí Bíobla faoi Rialú Fearg

104 véarsaí Bíobla faoi Rialú Fearg

Nuair a bhíonn síocháin Dé istigh ionainn, níl aon spás ann do na mothúcháin dhiúltacha sin. An feirg, bíonn cumhacht aici an chumarsáid a scrios, caidrimh a bhriseadh, agus dochar a dhéanamh do do shólás agus do do shláinte féin.

Is minic, faraor, go mbíonn daoine ag iarraidh a gcuid feirge a chosaint seachas an fhreagracht a ghlacadh uirthi féin. Ach tá bealach eile ann, bealach níos fearr. Is féidir linn déileáil leis an bhfeirg de réir phrionsabail an Bhíobla.

Feic Dia i lár na trialach. Guigh go leanúnach. Cuir do mheon faoi smacht Dé. Sin an rud atá á rá linn sa Scrioptúr. Deir Sé linn “Breithnigh gur ábhar lúcháire iomláin é, a bhráithre, nuair a thagann sibh faoi thriail de gach sórt, agus fios agaibh go dtáirgeann tástáil bhur gcreidimh fhoighne. Agus lig don fhoighne a cuid oibre a chríochnú ionat, ionas go mbeidh sibh foirfe agus iomlán, gan aon ní a bheith in easnamh oraibh.” (Séamas 1:2-4)




Eifisigh 4:26-27

Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:31

Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 11:23

Fonn a nfíréin amháin an mhaith: acht dóthchus an drochdhuine dioghaltas.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Cóheilit 7:9

Ná bí deithniosach ann do spioraid chum feirge: óir comhnuighidh a nfearg a mbrollach na namadáin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:31-32

Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc: Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 16:32

Is féarr an té bhíos mall chum feirge ná an cumhachtach; agus an té ríaghlas a spiorad ná an té ghabhus cathair.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 37:8

Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 1:19-20

Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge: A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 15:1

Iompoighidh freagra mhacánta fearg: acht brostuighid bríathra borba a nfearg.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Cóheilit 11:10

Ar a nadhbharsin díbir dóbrón as do chroidhe, agus cuir úait olc as thfeóil: óir is díomhaoineas leanbuigheacht agus óige.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 14:29

Bí tuigsi mhor ag an té bhíos mall chum feirge: acht an té bhíos deithniosach a spioraid árduighidh sé leimhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 29:11

Foillsigh an tamadán a intinn uile: acht congmhuidh an duine críonna a stigh é nó go ttíg na dhiáigh sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 15:18

Dúisgidh duine nimhneach súas ceannairg: acht an té is mall chum feirge laghduighidh sé imreasuin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 2:23-24

Agus seachain ceasda éigcéillidhe neamhfhoghlomtha, ar mbeith a fheasa agad go mbrósduighid síad ceannaruic. Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 19:11

Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 19:19

Fuileonguidh fear na móirfheirge pionús: óir má thártuighionn tú é, caithfé tú a dhéanamh a rís.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 20:3

Is onóir do dhuine scur do cheannairg: acht biáidh gach áon amadán ag teagmháil.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 17:27

Caiglidh an té agá mbí éolus a bhríathra: agus bí fear na tuigsiona do spiorad dhearscnuighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 21:23

Gidh bé chongmhas a bhéul agus a theanga coimhéaduigh sé a anam ó bhuáidhreadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 22:24-25

Ná déan muinntearas re duine feargach; agus na himthigh lé duine bhuileamhuil: Ar eagla go bhfoghluimféa a shlighthe, agus go bhfuighthéa paíntéur dot anam.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:26

Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 25:28

An té ag nach bí ríaghuil ós cionn a spioruide féin is cosmhuil é re caithruidh bhriste síos, gan bhalladha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 29:22

Corruigh an duine feargach ceannairg súas, agus lionuidh fear na buile lé millteachus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:22

Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 5:44

Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 6:14-15

Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 7:12

Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 18:21-22

Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Marcas 11:25

Agus an tan bhéithí bhur seasamh ag déanamh úrnuighthe, maithidh, má tá ní ar bith aguibh a naghuidh áonduine: ionnas go maithfeadh bhur nathairsi a tá air néamh bhur ccionta féin dhaoibhsi mar an gcéudna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:27-28

Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh, Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:31

Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:17-19

Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 12:21

Na beireadh an tolc buáidh ort, achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 13:10

Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 13:4-5

Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 10:3-5

Oír ar mbeith dhúinn ag siubhal sa bhfeóil, ní do réir na féola nímid cogadh: (Oir ar náirm coguidh ní féolmhar íad, ach cúmhachdach ó Dhía, chum daingneach do leagadh sios;) Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:19-21

Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 5:22-23

Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:32

Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 5:1-2

Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:3-4

Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:8

Achd a nois cuiridh uáibh na neithesi uile; fearg, buirfe, blaisphéime, droichmhéin, comhradh saladh as bhur mbéul.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:12-13

Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:15

Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:15

Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Tiomóid 2:8

Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Tiomóid 2:24-25

Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh, Ag teagusg na druinge bhíos conntrarrdha dhá inntinn maille ré ceannsachd; dféuchain an dtiubhradh Día aithrighe dhóibh uáir ar bith chum na fírinne dadmháil;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Títeas 3:2

Gan neach ar bith do mhaslughadh, gan bheith brúighneach, achd suáimhneach, ag táisbéunadh na huile cheannsachda do na huile dháoinibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:30

Oir as aithnigh dhúinn an tí a dubhairt, Is leamsa dioghaltus do dhéunamh, do bhéur cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus a rís, Do dhéana an Tíghearna breitheamhnus ar a phobal.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 12:14

Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 3:17-18

Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas. Agus síolchurthar toradh na fíreuntachda a síothcháin do luchd déunta na síothchána.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:1

Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 2:23

An tí, nach dearnuidh anchaint, a naghuidh na hanchainte do rinneadh air; nach dearnuidh bagair, ag fulang dho; achd tug é féin a láimh an tí do ní breitheamhnus go ceart:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 3:9

Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 4:8

Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 2:9

An tí a deir é féin do bheith sa tsolas, agus fhúaithigheas a dhearbhráthair, atá sé sa dorchadus gus a nois.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 2:11

Achd an tí fhuáithigheas a dhearbhráthair atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an corchadas a shúile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 3:15

Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:7-8

A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:20

Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 5:16

Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 17:14

Bí tosach na ceannairge amhail do léigfeadh duine uisge amach: uime sin léig dhíot ceannairge, suil beansuighthear innte.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 10:12

Dúisgidh an fúath imreasuin: acht folchuidh an grádh na huile chionta.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 4:4

Bíodh úamhan oruibh, agus ná déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus beithi socair. Selah.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 103:8-9

Atá an TIGHEARNA grásamhuil agus lán do thruáighe, fad fhuilingeach, agus diomud trócaire. Ní bhiáidh sé choidhche a nimreasuin: ni mó chuinneochus sé a fhearg go síorruidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Salm 141:3

Cuir a THIGHEARNA, faire, air mo bhéul; coimhéad dorus mo phuisineadh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 17:3-4

Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó. Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine. Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna. Cuimhnighe ar mhnáoi Lot. Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é. A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile. Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean. Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile. Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair. Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 5:3-4

Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid; Agus an fhoighid, dearbhadh; agus an dearbhadh, dóthchus:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:28

Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 14:19

Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
2 Corantaigh 5:18-19

Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin; Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Galataigh 6:1

A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:5

Bíodh suáimhneas bhur ninntinne follas do na huile dhaóinibh. Atá an Tíghearna láimh ribh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 4:7

Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 12:15

Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 25:15

Le hiomchar fada cláochluighthior prionnsa, agus brisigh teanga bhog an cnáimh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 12:16

Aitheantar air ball fearg a namadáin: acht folchuigh an duine críonna náire.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 12:18

Bídh drong ann labhras cosmhuil re sáithibh cloidhimh: acht is sláinte teanga a neagnuidhe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Seanfhocal 16:24

Is cíor mheala bríathra millsi, milis do nanam, agus sláinte do na cnámhuibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Íseáia 55:8-9

¶ Oír ní híad mo smúaintighthe bhur smuáintighthesi, ní mo asíad bhur slighthe mo shlighthesi, a deir an TIGHEARNA. Oír fa mar is áirde na neamha ná an talámh, is marsin is áirde mo shlighthesi ná bhur slighthesi, agus mo smuáintighthe ná bhur smuáintighthe.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 8:5-6

Oír an dream atá do réir na féola smuáintighid síad neithe bheanas ris an bhfeóil; achd an dream atá do réir na Spioruide na neithe bheanas ris an Spioruid. Oír is bás gliocas na feóla; achd is beatha agus siothcháin gliocas na Spioruide.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 13:7

Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 6:12

Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:5

Uime sin bíodh a ninntinn chéudna ionnuibh, noch do bhí fós a Niósa Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:24

Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 13:1

Biodh grádh bráithreamhuil go comhnuigheach eadruibh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 3:13-14

Cía atá na dhuine eagnuidhe íulmhar eadruibh? taisbéunadh sé a oibreacha féin as a choinbhearsáid mháith maille ré ceannsachd éagna. Gidheadh má bhíonn séarbhus tnútha agus brosdughadh feirge aguibh an bhur gcroidhthibh, ná déunuidh mórdháil, ná bréug a naghuidh na fírinne.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Matha 18:15

Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Lúcás 6:36-37

Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach. Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eoin 15:12

As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Rómhánaigh 15:5

Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Corantaigh 16:14

Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:15

Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Filipigh 2:14

Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Colosaigh 3:16

Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Teasalónaigh 5:11

Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Tiomóid 4:12

Ná bíodh tarcuisne ag áoinneach ar hóige; achd bí mar eisiompláir don druing agá bhfuil creideamh, a mbréithir, a gcoinbhearsaid, a ngrádh, a sbioruid, a gcreideamh, agus a bhfíorghloine.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eabhraigh 10:23-24

Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:) Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Séamas 5:9

Ná bíghidh ag gnúsuchduigh ar a chéile, a dhearbhráithre, deagla bhur ndamnuighthe: féuch, atá an breitheamh na sheasamh ag an doras.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 3:11

Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Peadar 5:5-6

Mar an gcéudna, a dhaóine óga, tuguidh úmhladh do na sinnsearuibh. Agus bíghidh uile úmhal dá chéile, déunuidh sibh féin deaghmhaiseach don táobh a stigh ó úmhlachd inntinne: óir cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach agus do bheir grása do númhal. Uime sin úmhluighe sibh féin faói laimh chúmhachduigh Dé, chum bhur nárduighe dhó a nam iomchubhaidh:

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
1 Eoin 4:18

Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Apacailipsis (Taispeántadh) 21:4

Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.

Caibidil   |  Leaganacha Cóip
Eifisigh 4:2

Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;

Caibidil   |  Leaganacha Cóip

Paidir chun Dé

A Dhia shíoraí, mhór agus chumhachtach, is leatsa amháin atá gach glóir agus onóir! A Athair Naofa, táim ag teacht chugat mar tá a fhios agam go bhfuil géarghá agam le do chumhacht athchóraitheach agus saorálach. Guím go dtabharfaidh do Spiorad Naomh neart agus smacht dom féin le coinneáil ar shiúl ó chaint dhíomhaoin a chuireann corraíl agus fearg orm, rud a chruthaíonn achrann i mo shaol agus i saol mo chlann. Tuigim gur ghortaigh mé daoine mórthimpeall orm le mo chuid cainte agus gníomhartha, agus ní bhíonn de thoradh air sin ach ciontacht agus níos mó feirge, fuatha agus pian. Cabhraigh liom gan ligean do mo smaointe agus mo mhothúcháin an ceann is fearr a fháil orm, mar deir do bhriathar féin, "Bígí feargach, ach ná peacaígí; ná ligigí don ghrian dul faoi ar bhur bhfeirg, ná tabhair áit don diabhal." A Thiarna, tabhair dom an eagna le bheith i mo chónaí de réir do bhriathair agus go rialaí do láithreacht mo shaol gach lá. Tréigim an fhearg, an chorraíl agus an fuath. I n-ainm Íosa. Amen.
Lean orainn:

Fógraí


Fógraí