A chara, bíonn fearg á húsáid ag an olc chun daoine a mhealladh chun peaca a dhéanamh in aghaidh Dé. Nuair a ligeann muid don fhearg greim a fháil orainn, bíonn iarmhairtí ann, cinnte. Cé go raibh fearg ar Dhia féin leis an gcine daonna, tugann sé an deis dúinn i gcónaí réiteach leis.
Ní hamháin go gcaillfimid beannachtaí Dé inár saol nuair a bhíonn fearg orainn, ach bíonn pian mhothúchánach ann chomh maith. Cibé acu is cúis cheart nó mhícheart atá leis an fhearg, tugann an Scrioptúr rabhadh dúinn in Eifisigh 4:26-27 go bhfuil sé ceart go leor fearg a bheith orainn, ach gan ligean don fhearg sin sinn a threorú chun peaca. "Bígí feargach, ach ná peacaígí; ná ligigí don ghrian dul faoi ar bhur bhfeirg, agus ná tugaígí áit don diabhal".
Is ceart go leor fearg a bheith ort faoi éagóir nó faoi bhlasféim in aghaidh Dé, ach deir an Tiarna linn i Rómhánaigh 12: "Is liomsa an díoltas; íocfaidh mise".
Tá sé ríthábhachtach caidreamh leanúnach a bheith againn leis an Spiorad Naomh chun ár mothúcháin a rialú agus a iarraidh air go líonfadh torthaí a spioraid ár gcroí, ag neartú ár ndaoine istigh.
Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.
Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge:
Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi:
Is féarr an té bhíos mall chum feirge ná an cumhachtach; agus an té ríaghlas a spiorad ná an té ghabhus cathair.
Achd a nois cuiridh uáibh na neithesi uile; fearg, buirfe, blaisphéime, droichmhéin, comhradh saladh as bhur mbéul.
Ná bí deithniosach ann do spioraid chum feirge: óir comhnuighidh a nfearg a mbrollach na namadáin.
Atá an TIGHEARNA grásamhuil, agus lán do thruáighe; fadfhuilingtheach, agus mórthrócaireach.
Dúisgidh duine nimhneach súas ceannairg: acht an té is mall chum feirge laghduighidh sé imreasuin.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Cáin, ciodh fá bfhuil tú feargach? agus créud far chláochluidh tú do chruth? Má ní tú go maith, nach nglacfuighthear thú? agus muna ndéarna tú go maith, atá an péacadh na luighe ag an dorus, agus biáidh a fhonn chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn.
A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.
Agus do ghabh an TIGHEARNA thairis as a choinne, agus do fhógair, An TIGHEARNA, An TIGHEARNA Día, trócaireach agus grásmhuil, fadfhuilnghtheach, agus iomlán do mhaith agus dfírinne,
Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis.
Foillsigh an tamadán a intinn uile: acht congmhuidh an duine críonna a stigh é nó go ttíg na dhiáigh sin.
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc:
Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.
Do ní Día breitheamhnus air an bhfíréun, agus bí Día feargach ris an cciontach gach éanlá.
Atú an TIGHEARNA fad‐fhuilingeach, agus mórthrócaireach, ag maitheamh éacceart agus péacaidh, agus gan an ciontach do sháoradh ar éanchor, ag aithbhear péacaidh na naithreadh ar an ccloinn go nuige an treas agus an ceathramhadh glún.
Mar an gcéadna an Horeb do bhrostnigh tú an TIGHEARNA chum feirge, ionnus go raibh an TIGHEARNA feargach ribh chum bhur millte.
Riomsa bheanas an dioghaltas, agus an luagháir; sleimhneochuidh a ccos na ham féin: oir atá lá a mbuaidheartha a lathair, agus atáid na neithe thiucfas orra ag déanamh deithnis.
Má ghéaruighim mo chloidhiomh lonnrach, agus go nglacfa mo lámh greim ar bhreitheamhnus; do dhéana mé dioghaltas ar mo námhuid, agus do bhéur luáigheachd don droing fhúathuighios mé.
Thairis sin, mar do bhí sé trócaireach, do mhaith a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a fhearg tar a hais, agus níor mhúscail sé a dhibhfhearg uile.
Atá an TIGHEARNA grásamhuil agus lán do thruáighe, fad fhuilingeach, agus diomud trócaire.
Bí tuigsi mhor ag an té bhíos mall chum feirge: acht an té bhíos deithniosach a spioraid árduighidh sé leimhe.
Fuileonguidh fear na móirfheirge pionús: óir má thártuighionn tú é, caithfé tú a dhéanamh a rís.
Is fearr comhnuighe do dhéanamh annsa bhfásach, ná maille re mnaói cheannairgidh fhearguidh.
Ná déan muinntearas re duine feargach; agus na himthigh lé duine bhuileamhuil: Ar eagla go bhfoghluimféa a shlighthe, agus go bhfuighthéa paíntéur dot anam.
Is fuilteach a nfearg, agus is cuthaigh an chorruighe; acht cía fhéadas seasamh as coinne ainghidheachda?
Corruigh an duine feargach ceannairg súas, agus lionuidh fear na buile lé millteachus.
Uime sin croithfidh mé na neamha, agus áthrochuigh an talamh as a áit, a bhfeirg THIGHEARNA na slógh, agus a ló a fheirge disgir.
Oír atá díbhfhearg an TIGHEARNA ar na huile cineadhachaibh, agus a theas féirge air a nuile shlúagh: do scrios sé thríd amach íad, thug se do nármhach íad.
¶ Ar son manma chuirfeas mé mfearg ar cáirde, agus ar son mo mholta chuirfeas mé srían riom dot tháobhsa, nach géarrfuinn amach thú.
A mbeagán feirge dfoluigh mé maghaidh uáit ar feadh mómeinte; acht do dhéanad trócaire ort lé cineal síorruidhe, a deir an TIGHEARNA Thfúascaltóir.
Oír ní cheannairgfidh mé go siorruidhe, ní mó bhías mé a ccomhnuidhe feargach: óir dfáilleochadh an spiorad romhamsa, agus na hanmanna noch do rinne mé.
Do shaltair mé a númar na fíneamhna am áonar; agus ní raibh aoinneach don phobal agam: óir sailteoruidh mé íad ann mfeirg; agus siubholuidh mé súas orra ann mo bhuile; agus croithfighear a bhfuil ar méadach, agus bailleocha mé mo chúlaidh uile.
¶ Eírigh, agus fúagair na bríathraso leath ris an ttaoibh thuáigh, agus abair, Fill, a Israel mhíochoinghiollach, a deir an TIGHEARNA; agus ní thiubhra misi ar mfeirg tuitim ort: óir a atáim trócaireach, a deir an TIGHEARNA, agus ní choinneocha mé fearg go síothbhuan.
A THIGHEARNA, smachtuigh mé, acht maille re breitheamhnus; ní ann thfeirg: deagla go ndeanta neimhní dhíom.
Ní fhillfidh fearg bhorb an TIGHEARNA, nó go ndéarna sé é, agus nó go ccoimhlíonfuidh sé toil a chroidhe: annsna láethibh deighionacha measfuighesi é.
Mo phobal, éirghidh amach as a lár, agus sáoradh gach nduine agaibh a anam féin ó fheirg dhíscir an TIGHEARNA.
Ainlean agus díobháidh íad a bhfeirg go nach béid faói neamhuibh an TIGHEARNA.
Anois go goirid dóirtfe mé mo dhíbhfhearg ortsa, agus choímhlíonfa mé mfearg ort: agus do dhéana mé breitheamhnus ort do réir do shlightheach, agus cúiteocha mé riot ar son hadhfhúathmhaireacht uile.
Marsin do bhéara mé air mo dhíbhfheirg ad aghaidh ciúnughadh, agus imeochuidh méud uáit, agus biáidh mé suáimhneach, agus ní bhiáidh fearg orum ní sa mhó.
Agus do dhéana mé dioghaltas mór orra maille ré iomaithbhearuibh garg; agus aitheonuid gur misi an TIGHEARNA an tan leagfas mé mo dhioghail orra.
Agus tiucfuidh a gcrích annsa nam chéadna an tan thiucfas Gog a naghaidh thíre Israel, a deir an Tighearna DIA; go ttiucfa mo dhioghaltas súas ann méadan. Oír is ann méud agus a tteine mfeirge do labhair mé, Go deimhin biáidh crioth mór a ttír Israel san ló sin;
Ní chríochnocha mé buirbe mfeirge, ní iompocha mé do mhilleadh Ephraim: óir is Día mé, agus ní duine; an Táon Náomhtha ann do lár: agus ní rachuidh mé a steach annsa chathraigh.
Agus réabuidh bhur ccroidhthe, agus narab íad bhur néuduighe, agus fillidh chum an TIGHEARNA bhur Ndía: óir atá sé grásamhuil agus trócaireach, mall chum feirge, agus lán do chíneul, agus atá aithreachus air um a nolc.
Agus do ghuidh sé chum an TIGHEARNA, agus a dubhairt sé, Guidhim thú, a THIGHEARNA, nach ar bhé so mo rádhsa, an tan do bhadhas fos ann mo thír? Uimesin do theith mé roimhe go Tarsis: óir do bhi a fhios agam gur Día grásamhuil thusa, agus trocaireach, mall chum feirge, agus mórchinéulta, agus go mbí aithreachus uilc ort.
Atá Día éudmhar, agus do ní an TIGHEARNA dioghaltas; atá an TIGHEARNA dioghaltach, agus fíochmhar; dó dhéanuigh an TIGHEARNA dioghaltas ar a naimhdibh, agus taiscidh sé géarsmacht dá easccáirdibh. Atá TIGHEARNA mall chum feirge, agus mór a ccumhachdaibh, agus ní sháorfa sé ar aonchor an droch dhuine: atá a shlighe aig an TTIGHEARNA annsa ghaóith ghuáirdeáin agus annsa stoirim, agus a síad na néulla lúáithreadh a chos.
Iarruidh an TIGHEARNA, sibhsi a uile dhrong ceannsa na talmhan, noch doibrigh a bhreitheamhnus; íarruidh fíreantachd, iarruigh macántachd: do bfeídir go bhfoileochtháoi síbh a ló fheirge an TIGHEARNA.
¶ Uimesin feithidh sibhsi orumsa, a deir an TIGHEARNA, nó go ttig an lá a néireocha misi súas chum na creiche: óir isé is mían damh na cineadhacha do chruinniughadh, ionnus go ttoitheastluigh mé na rioghachda, do dhórtadh mo dioghla orra, eadhon mfearg bhorb uile: óir loisgfighear an talamh uile lé téine mo éada.
Agus atáim ró fheargach ris na geintibh atá go súaimhneach: oir ní raibh ach fearg bheag orum, agus do chuidigheadarsan a naindeisi do dhul ar a haghaidh.
Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;
Agus do chúaidh Iósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ceannach annsa teampoll, agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithreacha luchd reactha na gcolum, Agus a dubhairt sé ríu, Atá sgríobhtha, Goirfidhthear teach urnuighthe dom theachsa; achd do rinneabhairsi tuinídhe biothamhnach dhe.
A aithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, coinnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?
Agus ar bhfeachain go feargach orrthasan na thímcheall, ar ngabháil dóilghis chuige ar son chrúais a gcróidheadhsan, a dubhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán mar an láimh eile.
Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil. An té bhúaileas tú air a ngíall iompó chuige an gíall eile; agus an té bheanus do chlóca dhíot ná bac dhe do chíota fós a bhreith leis.
Agus an tráth do chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar, A Thighearna, a naill leachd go nabramáois teine do theachd a núas ó neamh, dá losadh síad, mar do rinne Elías leis? Agus ar gcasadh dhó, do imdhearg sé iad, agus a duibhairt sé, Ní bhfuíl a fhios aguibh créd é an spiorad dár dhe sibh.
Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh caola, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh; agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár. Agus a dubhairt sé ré luchd reactha an gcolam, Tóguidh iád sin as so, ná déunuidh tigh Mátharsa na thigh ceannuigheachda.
Oír fhoillsighthear fearg Dé ó neamh anaghaidh gach úile neamhdhíadhachd agus eagcóir na ndaóineadh, chongmhas a nfirinne a neamhfhireantachd;
Achd do réir do chruáis féin agus do chroídhe neamhaithrigheach taisgidh tú dhuit féin féarg fá chomhair láoi na feirge agus fhoillsighthe cheirtbhreitheamhnuis Dé;
Ar a nadhbharsin, tar éis ar sáortha a nois lé na fhuilsion, is mó go mór choimhéudfuidhthear sinn thrídsion ó fheirg.
Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.
Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Oír as eaguil leam, ar dteachd damh, nach bhfuighe mé sibh mar as mian riom, agus nách bhfuighe sibhse mísi mar is mían ribh: agus go mbiáidh imreasuin, tnúth, fearg, consbóid, íthiomradh, siusarnach, líonadh drochmhéine, agus ceannarruiceadruibh:
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Ná mealladh éainneach sibh ré bríathruibh diomháoineacha: óir tug fearg Dé ar son na neitheannsa ar chloinn na heasúmhlachda.
Tré na dtig díoghaltus Dé ar chloinn na heasúmhlachda: Ann a rabhabhairse fós ag siubhal a nallód, ar mbeith dhíbh ag caitheamh bhur mbeatha ionnta. Achd a nois cuiridh uáibh na neithesi uile; fearg, buirfe, blaisphéime, droichmhéin, comhradh saladh as bhur mbéul.
Oír ní chum feirge dórduigh Día sinn, achd chum an tslánaighthe do ghnodhughadh tré ar Dtighearna Iósa Críosd,
Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus.
Oír ní coir do shearbhfoghantuidhe an Tíghearna bheith ceannarraiceach; achd bheith ceannsa ris na huile dháoinibh, réidh chum teaguisg, ag iomchar ré drochdháonibh,
Oír as cóir easbog do bheith neamhlochdach, mar fheadhmantach Dé, gan bheith dhó ag ríoth réir a thóla féin, ná feargach, ná ró fhonnmhar a bhfíon, ná buáilteach, ná dúil do bheith aige a néudáil neamhghloin;
Uime sin do bhí ro fhearg oram ris an gcineadh sin, agus a dubhairt mé, Atáid síad do ghnáth ar seachrán ann a gcroidhe; agus ní bhfúaradar eólas mo shligheadhsa. Ionnus go dtug mé mionna um fheirg, Nách rachdáois a steach am shuáimhnios.
(Orduighe sé a rís, lá airighe, ag rádh a Ndáibhi, A niúgh, a ndiáigh a comhfhad sin daimsir; (mar a dubhradh,) A niúgh má chluin sibh a ghúth, ná crúaidhighe bhur gcroídhthe.
Oir as aithnigh dhúinn an tí a dubhairt, Is leamsa dioghaltus do dhéunamh, do bhéur cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus a rís, Do dhéana an Tíghearna breitheamhnus ar a phobal. As ní robháoghlach tuitim a lámhuibh an Dé bhí.
Uime sin, a dhearbhráíthre grádhacha, bíodh gach áon ullamh chum éisdeachda, mall chum labhartha, mall chum feirge: A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé.
Cread as á néirghid cogtha agus comhruic eadruibh? a né nach úadh so, eadhon ó bhur nanntoiluibh féin bhíos ag cathúghadh ann bhur mballuibh? Islíghe sibh féin a bhfiadnuise an Tíghearna, agus áirdéocha sé sibh. Ná lábhruidh go holc ar a chéile, a dhearbhráithre. An tí lábhrus go holc a dhearbhráthair, agus an tí dhamnuigheas a dhearbhráthair, lábhruigh sé go holc ar an réachd, agus damnuighe sé an reachd: agus má dhamnuigheann tú an reachd, ní fear coimhlíonta an réachda thú, achd breitheamh. Atá áon ann do bheír reachd úadha, agá bhfuil cúmhachda sáortha agus sgriosda: cía thusa dhamnuigheas neach eile? Súd chuige, sibh a nois a dhream a deir, Racham a niúgh nó a márach dhá samhail so do chathruigh, agus do dhéunam comhnuighe innte feadh blíadhna, agus bíam ag reíc agus ag ceannach, agus ag fagháil eudála: Agus fós gan a fhios aguibh créd é bhur ccor a márach. Oír créd lér cosmhuil bhur mbeatha? Ré gal bhíos ré fhaicsin, ar feadh tamuill, agus na dhiaigh sin théid air neimhní. Sa náit ar chóir dhíbh a rádh, Do thoíl an Tíghearna, agus dá rabhum béo, dhéunam so no súd. Achd a nois do ni sibh mordháil as bhur núabhar féin: is olc gachd mórdháil dá shamhuil sin. Uime sin an tí atá iúlmhar ar mhaith do dhéunamh, agus nach déun í, as peacadh dhó é. Santuighe sibh ní, agus ní bhíonn sé aguibh: bhí sib hag marbhadh, agus ag iomthnúthughadh, agus ní féidir libh ní fhagháil: do ní aguibh, do bhrígh nach íarrann sibh.
Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,
An tí, nach dearnuidh anchaint, a naghuidh na hanchainte do rinneadh air; nach dearnuidh bagair, ag fulang dho; achd tug é féin a láimh an tí do ní breitheamhnus go ceart:
Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
As éol don Tíghearna na dáoine díagha sháoradh ó chathughadh, agus na dáoine neimhfhiréunta choimhéud go lá an bhreitheamhnuis a bpíannuid:
Ní cuireann an Tíghearna muill ar a gheallamhuin, (mar mheasuid dream áirighe muill;) achd atá sé foighideach rinne, do bhrígh nach mían ris einneach dhul amúgha, achd na huile dháoine theachd chum aithrighe.
Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.
Agus a dúbhradar ris na sléibhtibh agus ris na cairrgibh, Tuitibh oruinn, agus folchuidh sinn ó ghnúis an tí atá na shuidhe sa gcathaóir, agus ó fheirg a Nuáin: Oír táinic lá mór a fheirge; agus cía fhédus seasamh?
Agus do ghabh fearg na cineadhacha, agus táinic thfeargsa, agus aimsir, bhreitheamhnuis na marbh, agus luáidheachda do thabhairt dod shearbhfhoghantuighibh ba faidhibh, agus do na náomhuibh, agus don luchd ar a bhí eagla hanma, eidir bheag agus mhór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talamh.
I bhfidh an tise fós dfíon fheirge Dé, do nfíon ghlan líontar a gcupán a fheirge; agus do gheabhuidh a phíanadh a dteine agus a ruibh a bhfiadhnuise na naingeal náomhtha, agus a bhfíadhnuise a Nuáin:
Agus do sháith an taingeal a chorrán a steach fán dtalamh, agus do chnúasuigh sé fíneamhuin na talmhan, agus do theilg é a númair mór fheirge Dé.
Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.
Agus tug beathach do na ceithre beathaidhibh do na seachd nainglibh seachd soithighe órrgha líonta dfeirg Dé, mhaireas go sáoghal na sáoghal.
Agus do chúala mé gúth árd as an dteampoll ag rádh ris na seachd nainglibh, Imthighidh romhuibh, agus dóirtighe soithighe fheirge Dé ar an dtalamh.
Agus do rannadh an chathair mhór a dtrí cotannuibh, agus do thuiteadar caithreacha na gcineadhach: agus tháinic an Bhabilóin mhór a gcuimhne a lathair Dé, ionnus go dtiubhradh sé cupán dfíon chathuigh a fheirge dhi.
Agus tháinic cloidheamh géur dhá fháobhar amach as a bhéul, chum na gcineadhach do bhúaladh ris: agus do dhéunuidh sé a ríaghlughadh ré slait íaruinn: agus a se shaltras fá na chosaibh úmar fíona cúthuigh fheirge Dé Uilechumhachduigh.
Agus gidh bé nar frith sgríobhtha a leabhar na beatha do teilgeadh é sa loch teineadh.
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
Agus, féuch, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúach sáothair agum, chum a thabhartha dá gach áon do réir mar bhías a ghníomh.