Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 57:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Oír ní cheannairgfidh mé go siorruidhe, ní mó bhías mé a ccomhnuidhe feargach: óir dfáilleochadh an spiorad romhamsa, agus na hanmanna noch do rinne mé.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 57:16
21 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna: “Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d'fhad saoil aige feasta.”


Shín an t‑aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh!” Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.


Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna.


Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir; agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.


sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.


Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt; chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.


Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.


Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:


Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.


Ceartaigh sinn, a Thiarna, go mín, ní i bhfeirg, ar fhaitíos go ndéanfaí neamhní dínn.


An leanfaidh sé dá fhearg go brách, an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’ Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir tú den pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”


Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”


Féach, is liomsa an uile bheo, is liom anam an athar agus anam an mhic. An duine a pheacaíonn, eisean a éagfaidh.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,


Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.


Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:


Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”


Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí