Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 11:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge; ní scriosfaidh mé Eafráim go deo, óir ní duine mé ach Dia. In bhur measc is mé an Té is naofa, agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ní chríochnocha mé buirbe mfeirge, ní iompocha mé do mhilleadh Ephraim: óir is Día mé, agus ní duine; an Táon Náomhtha ann do lár: agus ní rachuidh mé a steach annsa chathraigh.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 11:9
30 Tagairtí Cros  

Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.


Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.


Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.


Chuir tú cosc le d'fhearg ar fad; chuir tú suas de do chonfadh buile.


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.


Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.


Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.


Ar son m'ainm chuirinn m'fhearg ar cairde, ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú.


Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.


B'fhéidir go n‑éistfidh siad agus go bhfillfidh gach aon duine óna dhrochshlí; má fhilleann, tiocfaidh aithreachas ormsa faoin olc atá ar intinn agam a dhéanamh orthu mar gheall ar a míghníomhartha.


Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.


Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl, agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht. (Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós agus fanann sí dílis don Té is Naofa.)


Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).


“Go deimhin ní thagann aon athrú ormsa, an Tiarna, riamh. Ach is sibhse clann mhac Iacóib i gcónaí!


Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?


Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -


Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí