Hóisé 11:8 - An Bíobla Naofa 19818 Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 ¶ Ciondus bhéaras mé súas thú, a Ephraim? ciondus sheachodas mé thú, a Israel? ciondus do dhéanas mé thú amhuil Admah? ciondus shuigheochus mé thú amhuil Seboim? do hiompoigheadh mo chroidhe ionnam, do lasadar maithreachuis a néinfheachd. Féach an chaibidil |
Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.